Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,427* cás deimhnithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 164 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 26 astu siúd san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Bhaineamar líon cinniúnach 300,000 cás amach inniu a tugadh le fios in Éirinn ó thús na paindéime.

“Thugamar faoi deara inniu freisin conas a leanann dlúthpháirtíocht le bheith mar shaintréith ár bhfreagartha nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil daoine óga fud fad na tíre ag feitheamh i scuainí go dtabharfar a vacsaín dóibh, chun iad féin a chosaint agus lena bpáirt a ghlacadh chun an pobal a chosaint.

“Spreagaim go mór aon duine atá incháilithe vacsaín a fháil chun é sin a dhéanamh agus an deis a thapú a luaithe agus is féidir.”

CRÍOCH//

Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil.

  • D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat