English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn, 23 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 25 Bealtaine 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 13 duine in Éirinn a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.

Tá 1,604* bás a bhaineann le COVID-19 tar éis tarlú in Éirinn go dtí seo.

Amhail 11am Dé Sathairn an 23 Bealtaine, tá an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte curtha ar an eolas faoi 76 cás deimhnithe breise de COVID-19 in Éirinn. Ar an iomlán, tá 24,582 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag obair chun eolas agus comhairle a chur ar fáil do theagmhálaithe ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair sin chun scaipeadh breise an ghalair a chosc.

Amhail mean oíche Déardaoin an 21 Bealtaine, léirítear na nithe seo a leanas sna sonraí a fuarthas ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (24,451 cás):

  • is mná iad 57% díobh agus is fir iad 43% díobh
  • is é 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 3,211 cás (13%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, cuireadh 393 cás san Aonad Dianchúraim
  • baineann 7,813 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath - 11,830 cás (48% de na cásanna go léir); agus i gCorcaigh ina dhiaidh sin - 1,420 cás (6%); agus ansin i gCill Dara - 1,387 cás (6%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 60%, is ionann dlúth-theagmháil agus 38%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar an obair bailíochtaithe sonraí arna déanamh ag an Lárionad faire um Chosaint Sláinte, baineadh bás amháin de líon iomlán na mbásanna. Tá sé sin léirithe sna 1,604 bás a thuairiscítear thuas.