English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 11 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 33 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:

  • tá 30 básaithe san oirthear agus 3 in iarthar na tíre
  • bhí 14 bean agus 19 fear san áireamh sna daoine
  • 82 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 25 duine

Tá 320* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC an tseachtain seo dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 320 bás an méid sin.)

Amhail 1pm Dé Sathairn an 11 Aibreán, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi na cásanna seo a leanas:

  • 553 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlanna in Éirinn
  • 286 cás breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlann sa Ghearmáin (a léiríonn cásanna ó roinnt seachtainí ó shin)

Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 8,928 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Léiríonn figiúr 553 an lae inniu an líon is mó cásanna nua a tuairiscíodh in aon lá amháin ó thús na ráige.

“Ba cheart go meabhródh sé seo do gach duine an tábhacht a bhaineann le sláinteachas lámh, nósmhaireacht riospráide agus scaradh fisiceach. Seo iad na gníomhartha chun an t-ionfhabhtú seo a chur faoi chois. Caithfimid leanúint ar aghaidh leo.”

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Níos luaithe inniu d’fhógair an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tionscnamh meabhairshláinte agus folláine chun tacú le riachtanais mheabhairshláinte an phobail tríd an bpaindéim seo.

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine nach bhfuil siad ina n-aonar le linn na tréimhse seo. Is éard a bheidh i gceist leis an bhfeachtas seo ná gach duine againn a aontú, fanacht ceangailte lena chéile agus a chinntiú go dtiocfaimid go léir slán le chéile. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag gov.ie/together.”

Téigh chuig Deais Faisnéise COVID-19 na Roinne Sláinte chun an fhaisnéis is déanaí faoi chásanna a fháil.


Cásanna amhail Déardaoin an 9 Aibreán

Léiríonn sonraí ón HPSC, amhail meán oíche, Déardaoin an 9 Aibreán (7,787 cás) agus torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí an dáta sin:

  • is fir iad 45% díobh agus is mná 54% díobh, agus baineann 1,626 cás le 356 cnuasach
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,718 cás (22%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 253 cás isteach san ICU
  • bhain 2,141 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 4,156 cás (53% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 581 cás (8%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 26%, is ionann taisteal thar lear agus 8%

CRÍOCH


Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna 7787
Líon iomlán san ospidéal 1718
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU 253
Líon iomlán na mbásanna 314
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte 2141
Líon na gcnuasach curtha in iúl 356
Aois airmheánach 48
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.

Inscne na n-othar

Inscne Líon mar % den Iomlán
Baineann 4212 54.1
Fireann 3489 44.8
Anaithnid 86 1.1
Iomlán 7787
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa Líon mar % den Iomlán
<1 18 0.2
1 - 4 22 0.3
5 - 14 52 0.7
15 - 24 473 6.1
25 - 34 1343 17.2
35 - 44 1418 18.2
45 - 54 1479 19
55 - 64 1138 14.6
65+ 1825 23.4
Anaithnid 19 0.2
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail 66%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe 26%
Taisteal Thar Lear 8%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.


Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa Líon na gcásanna Céatadán den iomlán
<5 10 0.6
5 - 14 4 0.2
15 - 24 41 2.4
25 - 34 119 6.9
35 - 44 144 8.4
45 - 54 256 14.9
55 - 64 271 15.8
65+ 871 50.7
Anaithnid 2 0.1
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach 22 0.3%
An Cabhán 169 2.2%
An Clár 85 1.1%
Corcaigh 581 7.5%
Dún na nGall 167 2.1%
Baile Átha Cliath 4156 53.4%
Gaillimh 169 2.2%
Ciarraí 155 2%
Cill Dara 332 4.3%
Cill Chainnigh 115 1.4%
Laois 61 0.8%
Liatroim 31 0.4%
Luimneach 222 2.9%
Longfort 45 0.6%
133 1. 7%
Maigh Eo 168 2.2%
An Mhí 230 3%
Muineachán 81 1%
Uíbh Fhailí 104 1.3%
Ros Comáin 27 0.3%
Sligeach 39 0.5%
Tiobraid Árann 166 2.1%
Port Láirge 63 0.8%
An Iarmhí 181 2.3%
Loch Garman 39 0.5%
Cill Mhantáin 246 3.2%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Déardaoin an 9 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.