English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn, an 18 Iúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 2 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,753* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé hAoine, an 17 Iúil, bhí 21 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,750** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, An Roinn Sláinte:

“Is é an modh is fearr chun muid féin a chosaint ó COVID-19 siomptóim an víris a thuiscint. Cinntigh go bhfuil na siomptóim ar eolas agat – casacht, fiabhras, gearranáil, cumas bolaidh/blais caillte – féin-aonraigh go tapa agus glaoigh ar do dhochtúir chomh luath agus is féidir má tá na siomptóim ort. Ná fan go bhfeicfidh tú céard a tharlóidh duit.

"Is fiú a rá arís, nach mór dúinn ar fad cabhrú chun stop a chur le scaipeadh COVID-19 in Éirinn - an chomhairle sláinte poiblí a leanúint, líon na dteagmhálaithe sóisialta a laghdú, spás 2 mhéadar a fhágáil idir daoine, agus iarracht a dhéanamh bualadh le daoine eile amuigh faoin aer más féidir, gan cóisirí tí a eagrú nó freastal orthu, agus aghaidhchlúdach a chaitheamh sa siopa nó ar iompar poiblí.

"Níor cheart dúinn an aidhm atá againn ar fad a ligean i ndearmad: stop a chur le scaipeadh COVID-19 i measc an phobail agus ar an tslí sin, ár sláinte féin a chosaint, agus sláinte ár muintir, agus sláinte na ndaoine is leochailí sa tsochaí.”

CRÍOCH

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 bhás a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,753 bás.

**Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 chás deimhnithe a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 25,750 cás deimhnithe