Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair 2020
- Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 5 Deireadh Fómhair 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 10 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,810* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr 1,810 é seo.Tharla 8 gcinn de na 10 mbás a tuairiscíodh inniu roimh Mheán Fómhair 2020.)
Amhail meán oíche Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair, cuireadh 613 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 37,668* * cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois. (**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 8 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 37,668 é seo.)
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 315 / is mná iad 294 díobh
- tá 68% faoi bhun 45 bliana d’aois
- deimhnítear go bhfuil baint ag 30% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- aithníodh 58 cás mar thras-seoladh pobail
- tá 224 cás i mBaile Átha Cliath, 58 i nDún na nGall, 46 i gCorcaigh, 44 i gCill Dara, 31 i Luimneach, 28 i Laois, 21 i gCiarraí, 19 i nGaillimh, 17 sa Chlár, 13 sa Mhí, 12 i Lú, 12 i Muineachán , 9 in Uíbh Fhailí, 9 i dTiobraid Árann, 9 i gCill Mhantáin, 8 sa Chabhán, 8 i Loch Garman, 7 i gCeatharlach, 7 i Sligeach, 7 i Ros Comáin, 6 i Maigh Eo, 5 i gCill Chainnigh, 5 san Iarmhí, agus na 7 gcás eile i 3 chontae
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Léiríonn na huimhreacha atá á dtuairisciú inniu agus le seachtain anuas ardú suntasach i bpróifíl COVID-19 in Éirinn.
"Dóibh siúd atá 70+ bliana d’aois agus dóibh siúd atá leochaileach ó thaobh sláinte de mar gheall ar COVID-19, moltar go láidir duit líon na ndaoine a mbuaileann tú leo a theorannú do chroíghrúpa an-bheag de bhaill teaghlaigh, cúramóirí nó cairde, ar feadh tréimhsí gearra ama, agus iad scartha óna chéile go fisiciúil.
"Ní mór dúinn oibriú le chéile arís chun tionchar suntasach a imirt ar líon na gcásanna sa phobal, agus sa deireadh thiar chun líon na ndaoine atá tinn, atá á nglacadh isteach san ospidéal agus i gcúram criticiúil a laghdú, agus seirbhísí cúram sláinte nach seirbhísí COVID iad a chosaint. Molaim do dhaoine i ngach contae an chomhairle sláinte poiblí a leanúint chun stop a chur le scaipeadh breise COVID-19."
CRÍOCH