Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 30 Bealtaine 2020
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 9 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,651* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé hAoine an 29 Bealtaine, cuireadh 59 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 24,929 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Déardaoin an 28 Bealtaine (24,870 cás):
- Is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Cuireadh 3,267 cás (13%) san ospidéal
- Díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 408 cás isteach san ICU
- Tá baint ag 7,955 cás le hoibrithe cúram sláinte
- Tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,031 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,472 cás (6%) agus ansin Chill Dara le 1,416 cás (6%)
- Díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 39%, is ionann dlúth-theagmháil agus 58%, is ionann taisteal thar lear agus 2%
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,651 bás an méid sin.