Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn, an 4 Iúil 2020
- Foilsithe: 4 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Iúil 2020
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh duine amháin de thoradh COVID-19.
Tá 1,741 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé hAoine, an 3 Iúil, bhí 11 chás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,509 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.
CRÍOCH