English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn An 5 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 7 Meán Fómhair 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Ag meán oíche, Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair, bhí 231 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 29,534 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu:

  • 115 fear agus 113 bean
  • tá 69% faoi 45 bliain d’aois
  • tá sé deimhnithe go mbaineann 48% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálaithe de chás deimhnithe iad
  • tá sé deimhnithe gur tharla 54 cás mar thoradh ar scaipeadh sa phobal
  • 133 i mBaile Átha Cliath, 18 i gCill Dara, 13 i Luimneach, 8 in Uíbh Fhailí, 7 i nGaillimh, 7 i gCill Mhantáin, 6 sa Mhí, 6 i gCorcaigh, 5 i nDún na nGall, 5 sa Chabhán, 5 i bPort Láirge, agus tá an 18 chás eile sna contaetha seo a leanas - Ceatharlach, An Clár, Ciarraí, Laois, Liatroim, Lú, Maigh Eo, Muineachán, Sligeach, agus Tiobraid Árann

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, An Roinn Sláinte:

"Cé go bhfuil líon suntasach cásanna i mBaile Átha Cliath inniu, ní mór glacadh le figiúirí an lae inniu i gcomhthéacs ár rátaí minicíochta 7 agus 14 lá. Tugann NPHET aird ar leith ar threochtaí agus ar phatrúin sna sonraí thar thréimhsí ama chun anailís a dhéanamh ar fhorbairt COVID-19 trasna na tíre agus i gceantair nó suíomhanna áirithe.

"Is den tábhacht é, áfach, go gcinntíonn gach duine i mBaile Átha Cliath go bhfuil líon a dteagmhálaithe sóisialta chomh híseal agus is féidir. Tá sé fíorthábhachtach freisin, má mhothaíonn tú tinn, féin-aonrú láithreach. Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh láithreach má tá amhras ort. Tabhair aird ar na siomptóim - casacht, gearranáil, fiabhras, cumas bolaidh nó blais caillte.

"Ó tharla méadú a bheith tagtha ar líon na gcásanna i mBaile Átha Cliath, tá dhá ionad shealadacha mhapaireachta COVID-19 oscailte ag FSS i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, ceann i bPáirc an Chrócaigh agus ceann in Ionad Sláinte Chaisleán Cnucha. Téigh chun tástáil a fháil má tá aon amhras ort. Ná déan dearmad, má theastaíonn tástáil uait nach mbeidh ort íoc as."

CRÍOCH