Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 9 Bealtaine 2020
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 18 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,446* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail 11am Dé Sathairn an 9 Bealtaine, tugadh fógra don HPSC faoi 219 cás nua dearbhaithe de COVID-19. Tá 22,760 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Déardaoin an 7 Bealtaine (22,495 cás):
- Is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
- 49 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Cuireadh 2,954 cás (13%) san ospidéal
- Díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 381 cás isteach san ICU
- Baineann 6,669 cás le hoibrithe cúram sláinte
- Tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 10,948 cás, (49% de na cásanna go léir) agus i gCill Dara ina dhiaidh sin le 1,317 cás (6%) agus ansin i gCorcaigh le 1,205 cás (5%)
- Díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 61%, is ionann dlúth-theagmháil agus 35%, is ionann taisteal thar lear agus 3%
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,446 bás an méid sin.