Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 14 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Samhain 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 1,627 cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 415 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 70 acu in Aonad Dianchúraim.
Dúirt An Dochtúir Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
‘’Ar an drochuair, tá méaduithe feicthe againn thar príomhtháscairí COVID-19 ar fud na tíre agus tá ráta fáis na heipidéime ag luasghéarú le cúpla lá anuas. Tá táscairí uile COVID-19 ag tabhairt le fios go bhfuil treocht an ghalair ag dul in olcas go náisiúnta. Tá méadú i minicíocht á fheiceáil againn i ngach aoisghrúpa, lena n-áirítear aoisghrúpaí níos sine. Tá an mhinicíocht náisiúnta cothrom le 415/100,000 anois.
“Mar thoradh air sin, tá tionchar á fheiceáil againn ar ár gcóras ospidéil le 50 duine ar an meán á nglacadh isteach san ospidéal in aghaidh an lae (suas ó 35 in aghaidh an lae ag deireadh mhí Mheán Fómhair) agus 5 iontráil chuig dianchúram in aghaidh an lae.
“Tá sé tábhachtach go gcuirtear ar a suaimhneas d’aon duine duine atá vacsaínithe go hiomlán go dtugann vacsaíní cosaint an-mhaith ó COVID-19. Mar sin féin, nuair a bhíonn minicíocht an ghalair ard, feicfimid ionfhabhtuithe i ndaoine vacsaínithe – beidh taithí an chuid is mó daoine ar ionfhabhtú éadrom, ach críochnóidh cuid acu san ospidéal agus i ndianchúram. Ba mhaith linn é sin a sheachaint.
“Lean ort ag cosaint tú féin le do thoil trí chloí le comhairle sláinte poiblí. Cuirfidh sé seo stad ar leathadh agus laghdóidh sé minicíocht COVID-19 inár bpobail.
“Má tá aon siomptóim de COVID-19 ort lena n-áirítear teocht ard, casacht tirim, nó siomptóim cosúil le fliú, faigh tástáil le do thoil agus fan sa bhaile. Ná téigh ag obair, ar scoil, go dtí an coláiste nó ná buail le daoine. Baineann sé seo leat fiú má tá tú vacsaínithe go hiomlán – ná glac leis nach féidir leat COVID-19 a fháil toisc go bhfuil tú vacsaínithe.
“Lean ort ag ní do lámha go rialta, caith masc nuair is cuí – go háirithe i suíomhanna miondíola, ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte; coinnigh d’achar, oscail fuinneoga agus déan spásanna laistigh a aeráil, agus roghnaigh lasmuigh nuair is féidir chun bualadh le daoine eile.
“Ba cheart duit an chomhairle seo a leanúint beag beann ar do stádas vacsaínithe.’’
CRÍOCH