English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 18 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 4,650* cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 643 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 118 acu in Aonad Dianchúraim.

Dúirt An Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“D’fhulaing thart ar 1 as 6 dhuine in Éirinn siomptóim dealraitheach le COVID cosúil le casacht, scornach tinn, teocht ard nó siomptóim eile cosúil le fliú le seachtain anuas.

“Is é an gníomh aonair is tábhachtaí is féidir leat a dhéanamh má bhíonn aon siomptóim de COVID-19 ort ná féin-aonrú agus tástáil PCR a shocrú – ní tástáil antaigine. Más mian leat COVID-19 nó tinnis riospráide eile a chur ar aghaidh chuig do chairde, do mhuintir nó do chomhghleacaithe a sheachaint, is é an rud is tábhachtaí is féidir leat a dhéanamh ná féin-aonrú go tapaidh chomh luath agus a thosaíonn do shiomptóim.”


Nótaí don Eagarthóir:

  • D’fhéadfadh líon na gcásanna athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.

Siomptóim de COVID-19

Cathain ar cheart agus nár cheart tástáil antaigine a úsáid