Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 04 Márta 2021
- Foilsithe: 4 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 39 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh deichniúr díobh sin i mí an Mhárta, 12 i mí Feabhra, 13 i mí Eanáir agus 3 eile níos luaithe ná sin. Tá bás duine amháin fós á fhiosrú.
81 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 0 - 97 an raon aoise.
4,396 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 03 Márta, cuireadh 462 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 221,649 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.*
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 224 / is mná iad 236 díobh
- Tá 69% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 31 aois airmheánach na ndaoine
- 207 i mBaile Átha Cliath, 29 i gCorcaigh, 26 sa Mhí, 20 i gCill Dara, 18 i nGailllimh agus 162 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile. **
Amhail 8am inniu, tá 460 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 107 acusan san aonad dianchúraim.
Cuireadh 26 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 01 Márta, bhí 446,474 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- Bhí a gcéad dáileog faighte ag 303,550 duine
- Bhí a dara dáileog faighte ag 142,924 duine
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:
"Cuireadh ar an eolas muid faoi cheithre réamhthuairisc maidir le marbh-bhreitheanna a d’fhéadfadh baint a bheith acu le riocht ar a dtugtar Placentitis COVID. Ba cheart a bheith cáiréiseach leis na tuairiscí seo toisc nár chuir na cróinéirí a gcuid taighde i gcrích go fóill. Tá Clár Náisiúnta Ban agus Leanaí FSS ar an eolas faoin scéal seo agus tá monatóireacht á déanamh aici air agus tá fógra gaolmhar curtha chuig rannóga cnáimhseachais. Tá sé tábhachtach gan cur isteach ar phríobháideachas na ndaoine a mbaineann an scéal seo leo.”
Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir Sláinte Poiblí, FSS an Iarthair:
“Dheimhníomar go raibh ráig de COVID-19 ag níos mó ná 200 teaghlach atá nasctha ar ais leis an ráig i measc mac léinn. Tá a fhios againn go bhfuil an leagan nua níos in-tarchurtha, agus, bunaithe ar na sonraí is déanaí, tá thart ar aon trian de theagmhálacha teaghlaigh ina gcásanna deimhneach anois. Má bhíonn aon siomptóim de COVID-19 agat, caithfidh tú féin-aonrú láithreach i do sheomra agus glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh.”
“Tá a fhios again conas slabhraí tarchuir an ghalair seo a bhriseadh. Ní mór dúinn go léir leanúint ar aghaidh ag déanamh gach iarracht ár dteagmhálacha sóisialta a theorannú, fanacht sa bhaile agus fanacht sábháilte.”
Dúirt an Dr Máirín Ryan, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Measúnaithe Teicneolaíochta Sláinte, HIQA:
“D’fhoilsigh HIQA a comhairle do NPHET inniu maidir leis an aois íosta a bhaineann le leanaí ag úsáid masc aghaidhe a laghdú. Mar is eol dúinn, laghdaíonn úsáid masc aghaidhe sa phobal tarchur COVID-19. Is dócha go bhfuil an leas a bhaineann le maisc aghaidhe beag go maith i measc leanaí áfach.”
“Níor mhol an grúpa sainchomhairleach aon athrú ar an treoir maidir le leanaí ag úsáid masc aghaidh. Is é an bealach is fearr lena chinntiú nach scaipeann an víris sna scoileanna ná trí leanúint ar aghaidh le bearta sláinte poiblí, mar shampla, scaradh sóisialta, sláinteachas láimhe, béasaíocht casachta, aeráil mhéadaithe agus gan freastal nuair a bhíonn siomptóim COVID-19 agat.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET:
“D’fhan an uimhir atáirgthe seasmhach agus d’fhéadfadh sí a bheith íslithe beagán fiú, rud a léirítear leis an laghdú seachtain i ndiaidh seachtaine ar líon na gcásanna a tuairiscíodh le déanaí.”
“Léiríonn sé seo iarracht iontach thar thréimhse an-dúshlánach naoi seachtaine nuair a thit líon na gcásanna ó 6,500 cás go dtí níos lú ná 600.”
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 221,649 cás deimhnithe é seo.
**Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 03 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 03 Márta 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 03 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 03 Márta 2021) |
Éire | 462 | 536 | 190.2 | 9,057 |
Uíbh Fháilí | 13 | 9 | 400.2 | 312 |
An Longfort | 17 | 16 | 376.8 | 154 |
An Iarmhí | 10 | 19 | 281.6 | 250 |
Lú | 16 | 22 | 267.7 | 345 |
Baile Átha Cliath | 207 | 225 | 257.3 | 3,467 |
Luimneach | 17 | 25 | 250.4 | 488 |
Cill Dara | 20 | 22 | 217.1 | 483 |
Laois | >5 | 9 | 213.7 | 181 |
Gaillimh | 18 | 25 | 212.7 | 549 |
An Mhí | 26 | 25 | 209.7 | 409 |
Maigh Eo | 14 | 13 | 200.8 | 262 |
Dún na nGall | >5 | 13 | 181.5 | 289 |
Muineachán | <5 | 4 | 177.6 | 109 |
Tiobraid Árann | 7 | 14 | 174.2 | 278 |
Port Láirge | 12 | 7 | 168.7 | 196 |
Ceatharlach | 5 | 5 | 168.6 | 96 |
An Clár | 10 | 12 | 146.4 | 174 |
An Cabhán | <5 | 5 | 145.7 | 111 |
Ros Comáin | 6 | 6 | 114.7 | 74 |
Liatroim | <5 | 2 | 106.1 | 34 |
Cill Mhantáin | 9 | 9 | 101.1 | 144 |
Cill Chainnigh | 5 | 3 | 78.6 | 78 |
Sligeach | <5 | 2 | 77.8 | 51 |
Loch Garman | 5 | 6 | 69.5 | 104 |
Ciarraí | <5 | 6 | 60.9 | 90 |
Corcaigh | 29 | 22 | 60.6 | 329 |
Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.
- Minicíocht 7 lá 88
- Meán gluaiseachta 5 lá 536