English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 11 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 52 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 33 díobh sin i mí Feabhra, 12 i mí Eanáir, 6 i mí na Nollag agus tá bás amháin fós á fhiosrú.

83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 55-96 an raon aoise.

3,846 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 10 Feabhra, cuireadh 866 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

206,801* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 206,801 cás é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 401 agus is mná iad 463 díobh
  • tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • tá 281 i mBaile Átha Cliath, 63 i nGaillimh, 56 i gCill Dara, 47 sa Mhí, 39 i gCorcaigh agus tá na 380 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 8am inniu tá 984 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 172 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 44 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 8 Feabhra, bhí 242,353 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 154,900 duine
  • bhí an dara dáileog faighte ag 88,453 duine

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Táimid dóchasach ach aireach faoin faoi cúrsaí eipidéimeolaíochta ar fud na tíre. Baineadh an dul chun cinn dearfach seo amach trí thiomantas daoine ar fud na tíre le seachtainí beaga anuas. Mar sin féin, tá líon na gcásanna agus na mbásanna an-ard fós, agus tá riosca ard go fóill go dtolgfadh daoine an galar sa bpobal, go háirithe na daoine is leochailí d'ionfhabhtú COVID-19. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh daoine orthu ag fanacht sa bhaile agus ag obair ón mbaile nuair is féidir."

Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta:

"Tá 242,353 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha againn go dtí seo. Is éacht iontach é seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bhfoirne riaracháin vacsaíní go léir as a dtiomantas agus a gcuid oibre crua. Tá súil againn, de réir mar a thagann méadú ar líon na vacsaínithe, gur féidir linn níos mó cosanta a thabhairt dóibh siúd atá vacsaínithe agus sa deireadh don daonra níos leithne. Ach, go dtí an tráth sin, ní mór dúinn uile, lena n-áirítear iad siúd a fuair ár vacsaíní COVID-19, cloí leis na bearta sláinte poiblí eile go léir cosúil lenár lámha a ní agus scaradh sóisialta."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

"Le seachtain anuas, tá tús curtha ag FSS le dlúth-theagmhálacha cásanna deimhnithe a thástáil. Is céim dhearfach í seo mar taispeánann sé go soiléir go bhfuilimid ar ais i gcéim an tsrianta den phaindéim seo. Mar sin féin, tá na rátaí deimhneachta i measc teagmhálacha teaghlaigh ard go leor, gar do 30%. Cuireann sé i gcuimhne go tráthúil dúinn go léir féinaonrú láithreach má tá aon siomptóm againn, chun na daoine is tábhachtaí dúinn a chosaint. Ba cheart dúinn leanúint lenár dteagmhálacha sóisialta a theorannú. Ná tabhair cuairt ar theaghlach duine eile mura bhfuil cúram riachtanach á sholáthar agat."

Dúirt an Dr Lorraine Doherty, Stiúrthóir Cliniciúil Náisiúnta um Chosaint Sláinte FSS - An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC):

"Tá próiseas 'aimsigh-tástáil-rianaigh-aonraigh' COVID-19 ríthábhachtach dár n-iarrachtaí. Ní mór dúinn go léir teagmháil a dhéanamh lenár ndochtúir teaghlaigh a luaithe a bhíonn siomptóim againn, chun tástáil a dhéanamh, ár dteagmhálacha a rianú má tá ár dtástáil deimhneach agus tuilleadh ionfhabhtuithe a chosc. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh gur féidir le gach duine tástáil a fháil saor in aisce. Tá tástáil agus rianú teagmhála ríthábhachtach dár n-iarrachtaí comhchoiteanna leanúnacha chun scaipeadh COVID-19 a íoslaghdú."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH