English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 15 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh ceathrar díobh sin i mí Aibreán, beirt i mí Feabhra agus beirt í mí Eanáir nó níos luaithe.

79 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 43-92 an raon aoise.

4,820 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 14 Aibreán, cuireadh 309 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

242,402* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 12 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 242,405 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 168 agus is mná iad 141 díobh
  • tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine

Amhail 8am inniu, tá 184 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 51 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 22 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 13 Aibreán 2021, bhí 1,094,964 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 769,721 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 325,243 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • minicíocht 7 lá 57.0
  • meán gluaiseachta 5 lá 358