English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 18 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 47 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 44 díobh sin i mí Feabhra, beirt i mí Eanáir agus duine amháin i mí na Nollag.

81 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 51-99 an raon aoise.

4,082* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 4,082 bás é seo.)

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 17 Feabhra, cuireadh 901 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 212,647* * cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 212,647 cás é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 473 agus is mná iad 422 díobh
  • tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • 437 i mBaile Átha Cliath, 49 i Luimneach, 43 i nGaillimh, 39 i gCill Dara, 32 sa Mhí agus tá an 301 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 8am inniu, tá 771 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 151 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 48 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 15 Feabhra, bhí 280,581 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 182,193 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 98,388 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • minicíocht 7 lá 123.9
  • meán gluaisteacha 5 lá 78