English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 18 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu.

4,566 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 17 Márta, cuireadh 582 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 228,796* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 290 / is mná iad 291 díobh
  • Tá 74% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 156 i mBaile Átha Cliath, 23 sa Mhí, 19 i nDún na nGall, 15 i Lú, 14 i gCill Dara agus tá na 198 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile. **

Amhail 8am inniu, tá 345 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 83 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 24 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 15 Márta, bhí 620,580 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 455,182 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 165,398 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 228,796 cás é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 17 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 17 Márta 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 17 Márta 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (04 Márta 2021 go 17 Márta 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (04 Márta 2021 go 17 Márta 2021)
Éire 582 489 150.8 7179
Uíbh Fháilí 19 17 350.2 273
An Longfort <5 3 283.8 116
Cill Dara 24 35 238.2 530
Baile Átha Cliath 262 205 227 3059
An Mhí 34 28 220.5 430
Dún na nGall 8 18 164.6 262
Ceatharlach 9 9 149.3 85
17 13 147.4 190
An Iarmhí 12 12 143.1 127
Tiobraid Árann 14 19 130.4 208
Luimneach 22 11 129.8 253
Gaillimh 41 27 124.4 321
Ros Comáin 10 6 119.3 77
Port Láirge 23 12 113.6 132
Loch Garman 19 14 98.8 148
Cill Mhantáin 13 10 98.3 140
Sligeach <5 4 91.6 60
Maigh Eo <5 3 89.7 117
An Cabhán 10 7 89.3 68
Muineachán <5 3 84.7 52
Laois 5 4 76.7 65
Ciarraí 8 5 58.2 86
An Clár 7 5 54.7 65
Corcaigh 13 16 48.3 262
Cill Chainnigh <5 3 42.3 42
Liatroim 0 1 34.3 11

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 76.3
  • Meán gluaiseachta 5 lá 489