English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 18 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 4 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,714 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 17 Meitheamh, cuireadh 16 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,355 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an 16 Meitheamh (25,399 cás):

  • is mná iad 57% agus is fir iad 43% díobh
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 3,282 cás (13%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 417 cás isteach san ICU
  • tá baint ag 8,147 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,239 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,535 cás (6%) agus ansin Cill Dara le 1,436 cás (6%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 37%, is ionann dlúth-theagmháil agus 61%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 18 Meitheamh) agus thug siad ar aird go dtógann thart ar leath díobh siúd a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 sa phobal níos mó ná 2 lá ó thús na siomptóm sula ndéanann siad teagmháil lena ndochtúir teaghlaigh.

"Is iad na bearta is tábhachtaí is féidir le duine a dhéanamh ón nóiméad a mbíonn siomptóim a bhaineann le COVID-19 acu ná féin-aonrú láithreach, srian a chur ar ghluaiseacht teagmhálacha tí agus teagmháil a dhéanamh ar an bhfón lena ndochtúir teaghlaigh."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Seolfar deais nua COVID-19 tráthnóna a thabharfaidh faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, lena n-áirítear líon na gcásanna laethúla, básanna, líon na ndaoine san ospidéal agus ICU agus nuashonrú laethúil ar fhigiúirí tástála.

"Ina theannta sin, tugann an painéal deis do dhaoine monatóireacht a dhéanamh ar líon na gcásanna de COVID-19 ina gceantar áitiúil. Is tasc aonair é bainistíocht COVID-19, agus caithfimid go léir a bheith ar an eolas faoin ngalar inár bpobal, comhairle sláinte poiblí a leanúint agus iompraíochtaí cosanta a ghlacadh."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

"Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 0.4 agus 0.7 anois. Is ábhar dóchais é a fheiceáil nach dtugann aon cheann de na sonraí le tuiscint go bhfuil méadú suntasach ar tharchur COVID-19 sa phobal ó cuireadh tús le Céim 2."

Dúirt an Dr. Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite FSS:

"Is siomptóim choitianta iad siomptóim COVID-19 agus dá bhrí sin b’fhéidir nach mbeadh claonadh ag daoine áirithe cóir leighis a lorg láithreach óna ndochtúir teaghlaigh le haghaidh siomptóm ar nós casacht, gearranáil, athrú ar bholadh nó fiabhras. I gcomhthéacs na paindéime seo iarraimid ort é sin a dhéanamh, chun cabhrú linn scaipeadh COVID-19 a theorannú."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,355 cás deimhnithe é seo.

Déanfar nasc le deais COVID-19 a tvuíteáil tráthnóna inniu ar @roinnslainte. Is comhoibriú é an deais idir an Roinn Sláinte, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, an tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann, HPSC, FSS, agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO).