English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 19 Lúnasa 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 1,818* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 244 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 52 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Táimid méadú tapa tagtha ar mhinicíocht an ghalair ar fud na tíre, agus tuairiscíodh 12,348 cás le 7 lá anuas. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an víreas ag scaipeadh go forleathan inár bpobail anois.

“Cé go leanann an clár vacsaíní ar aghaidh, caithfimid am a thabhairt chun na leibhéil imdhíonachta sa phobal a mhéadú. Scaipeann an leagan Delta trí dhlúth-theagmháil le daoine eile. Nuair is féidir, lean ar aghaidh ag obair ón mbaile agus cuimhnigh gur fearr do ghrúpaí beaga daoine bualadh le chéile taobh amuigh nó taobh istigh in áiteanna atá aeráilte go maith.

“Lean an chomhairle sláinte poiblí agus tapaigh an deis an vacsaín mholta a fháil - is iad seo ár gcosaintí i gcoinne scaipeadh an víris. Is féidir an baol ráigeanna i suíomhanna grúpa, mar shampla in áiteanna oibre nó ag cruinnithe sóisialta, a íoslaghdú trí chloí go láidir le scaradh sóisialta, sluaite a sheachaint, masc a chaitheamh agus sláinteachas maith láimhe a chleachtadh.

“Má tá aon siomptóim de COVID-19 agat, cibé chomh héadrom atá siad, féin-aonraigh láithreach agus faigh tástáil saor in aisce trí FSS a luaithe is féidir."

CRÍOCH

  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.