English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,871 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 14 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,066 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 54,476* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 12 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 54,476 cás deimhnithe é seo.)

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 536 / is mná 528 díobh
  • tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 244 i mBaile Átha Cliath, 104 i nGaillimh, 98 i gCorcaigh, 92 sa Mhí agus tá 528 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha go léir atá fágtha

Amhail 2pm inniu tá 313 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 37 díobh sin san ICU. Cuireadh 20 san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Táimid ag Leibhéal 5 anois toisc go bhfuil an galar ag leibhéil an-tromchúiseach inár dtír agus go bhfuil riosca suntasach ann do shláinte an phobail.

"Caithfimid go léir fanacht sa bhaile, seachas obair riachtanach agus cúinsí eisceachtúla. Más cás deimhnithe tú ní mór aonrú sa bhaile, más dlúth-theagmhálaí tú le cás deimhnithe cuir srian ar do ghluaiseachtaí sa bhaile, má tá siomptóim ort nó má chreideann tú gur dlúth-theagmhálaí tú - cuir srian ar do ghluaiseachtaí agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh."

Dúirt an Dr. Heather Burns, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Bhí an mhinicíocht 14 lá ag 3 in aghaidh gach 100,000 duine ag deireadh mhí an Mheithimh, inniu is é 302 in aghaidh gach 100,000 duine. Tá an riosca go bhfaighidh tú COVID-19 100 uair níos mó anois ná mar a bhí sé 4 mhí ó shin. Cuir teorainn le do riosca trí fanacht sa bhaile agus comhairle sláinte poiblí a leanúint."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉirean NPHET:

"Tá an uimhir atáirgthe idir 1.3 -1.4 go náisiúnta. Is é ár gcuspóir comhchoiteann anois tarchur an víris a chur faoi chois agus ár líon cásanna a thabhairt go leibhéil inbhainistithe. Má oibrímid go crua le chéile chun an uimhir atáirgthe a ísliú go 0.5, ba cheart go n-éireodh linn cásanna a laghdú go dtí faoi bhun 100 in aghaidh an lae i gceann sé seachtaine."

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

"Bunaithe ar ár dtaithí, scaiptear tarchur pobail forleathan chuig grúpaí leochaileacha i suíomhanna comhchruinnithe. Is é an beart aonair is éifeachtaí chun grúpaí leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear tithe altranais, ná tarchur pobail a laghdú go suntasach. Tá ról le himirt ag gach duine againn chun é seo a bhaint amach."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH