English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 23 Iúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 9 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,763 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 22 Iúil, cuireadh 7 gcás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,826 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;

“Coicís ó shin, chuireamar ár n-imní maidir le treochtaí i ndul chun cinn COVID-19 in Éirinn in iúl. D'fhreagair muintir na hÉireann an glao seo ar ghníomh agus le chéile tá slabhraí tarchuir briste againn. Is léiriú eile é seo ar an gcumhacht a bhíonn ag daoine agus iad ag obair le chéile agus iad ag tabhairt faoi dhúshlán leanúnach na paindéime seo. Is é atá ag teastáil uainn anois ná a bheith láidir agus an dea-obair a choinneáil suas."

“Creidim gur féidir linn an dul chun cinn tábhachtach atá déanta againn le chéile a chothabháil má leanaimid orainn ag cloí le comhairle sláinte poiblí - coinneáil 2m amach óna chéile, lámha a ní go minic, clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí agus sláinteachas casachta/sraothartacha."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann: "Is dea-scéala é go bhfuil an luach R laghdaithe. Tá sé maolaithe, áfach, toisc go bhfuil an víreas seo fós linn, agus d'fhéadfadh sé scaipeadh go forleathan arís má éirímid réchúiseach. Ní mór dúinn a bheith cúramach. Agus muid ag druidim leis an deireadh seachtaine agus ina dhiaidh sin, caithfimid a bheith ar an airdeall chun an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a choinneáil suas."

Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

“Is tosaíocht i gcónaí é seirbhísí cúram sláinte neamh-COVID-19 a atosú. Beidh sé de chumas againn é sin a dhéanamh má éiríonn linn tarchur pobail a choinneáil ag leibhéal íseal. Is féidir linn go léir ár gcuid a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh ár n-ospidéil agus ár suíomhanna cúraim in ann a gcuid oibre ríthábhachtach a atosú trí chomhairle sláinte poiblí a leanúint. Is gníomh dlúthpháirtíochta é gach gníomh beag, aonair a dhéanaimid gach lá - fanacht amach ó dhaoine eile, do lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh - le hoibrithe cúram sláinte túslíne atá ag tabhairt aire d'othair. "

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH