English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 23 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 7,411* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 390 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 98 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Agus Omicron freagrach as beagnach trí cheathrú de chásanna na hÉireann anois, bhíothas ag súil le líon ard cásanna deimhnithe COVID-19 inniu, agus táimid ag súil le méadú tapa ar fhigiúirí na gcásanna sa tréimhse ghearr ama atá le teacht.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach duine againn, a mhéid is féidir, gach iarracht is féidir linn sa dá nó trí seachtaine amach romhainn gan bualadh ach le baill dár dteaghlaigh féin. Smaoinigh ar na pleananna atá agat thar thréimhse na Nollag agus go luath sa Bhliain Nua agus déan iarracht do theagmhálacha a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

“Má fhaigheann duine sa teaghlach toradh tástála “braite” nó “deimhneach” trí thástáil PCR nó trí thástáil antaigin, ba cheart do gach ball den teaghlach srian a chur ar a ngluaiseachtaí agus gan freastal ar an obair ná buaileadh le daoine eile.

“Cé go n-aithnímid go bhfuil sé an-deacair ag an am seo den bhliain fanacht amach ó ghaolta, tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh aon duine a fhaigheann deimhniú ar ionfhabhtú COVID-19 deimhnithe é féin a aonrú ar feadh deich lá. Má aithnítear gur dlúththeagmhálaí thú agus má tá teanndáileog den vacsaín COVID-19 faighte agat, ba cheart duit srian a chur ar do chuid gluaiseachtaí ar feadh cúig lá. Mura bhfuil teanndáileog faighte agat fós, ba cheart duit srian a chur ar do chuid gluaiseachtaí ar feadh deich lá. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar [external-link https://www2.hse.ie/conditions/covid19/restricted-movements/restricted-movements/ | www.hse.ie.]

“Mura bhfuil teanndáileog den vacsaín COVID-19 faighte agat fós, ba cheart duit gach beart is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint go dtí go mbeidh tú i dteideal í a fháil. Áiríonn sé seo timpeallachtaí contúirteacha a sheachaint agus do theagmhálacha a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Tugann an fhianaise go léir atá ar fáil le fios go dtabharfaidh vacsaín teanndáileog cosaint mhaith ar ionfhabhtú leis an leagan Omicron.

“Má tháinig tú go hÉirinn ó thar lear le déanaí, moltar duit tástáil antaigin a dhéanamh ar feadh na gcúig lá tar éis duit teacht go hÉirinn. Má bhíonn aon siomptóim COVID-19 ort, is cuma cé chomh éadrom, is gá duit féin-aonrú láithreach agus tástáil PCR a shocrú."


Nótaí

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.



  • In oirchill líon mór cásanna sa tréimhse amach romhainn, ón 23 Nollaig, beidh líon na gcásanna laethúla a bhfógrófar bunaithe ar thorthaí deimhneacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní hionann iad agus cásanna le fógra. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.