English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 25 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,727 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 24 Meitheamh, cuireadh 11 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,405* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 25 Meitheamh) athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt agus ullmhacht leanúnach na hÉireann do COVID-19.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Thug NPHET ar aird inniu go bhfuil os cionn aon trian de na cásanna nua le 14 lá anuas faoi 35 bliana d’aois. Thug sé ar aird freisin gur thuairiscigh roinnt tíortha AE méadú i gcásanna nua.

“Bhí baint ag 7% de na cásanna a cuireadh in iúl in Éirinn le coicís anuas le taisteal. Chuir NPHET tuairim shoiléir in iúl go bhfuil riosca ag baint le taisteal thar lear do thabhairt isteach an ghalair agus do thuilleadh tarchuir in Éirinn.

“Thug an ECDC foláireamh le déanaí nach bhfuil an phaindéim thart. Tá feabhas suntasach bainte amach ag Éirinn maidir le COVID-19 a chur faoi chois. Is é an tasc atá againn sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn ná an méid sin a choinneáil suas."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá COVID-19 ag luasghéarú ar fud an domhain agus taifeadadh 4 mhilliún cás le mí anuas.

“Agus an méid atá ag tarlú go hidirnáisiúnta leis an ngalar á mheas againn, ní féidir linn a bheith réchúiseach. Bíodh na rioscaí ar eolas agus lean an chomhairle sláinte poiblí atá deartha chun daoine a chosaint."

CRÍOCH

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,405 cás deimhnithe é seo.