English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 27 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 26 Lúnasa, cuireadh 93 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 28,453* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 52 agus is mná iad 41 acu
  • tá 70% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 73 le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 12 cás mar thras-seoladh pobail
  • 34 i mBaile Átha Cliath, 7 i gCill Dara, 6 i nDún na nGall, 6 i Laois, 5 i Luimneach, 5 i Loch Garman agus tá na 30 cás eile i gCeatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Lú, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, an Iarmhí agus Cill Mhantáin

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá fás mall COVID-19 le feiceáil againn in Éirinn.

"Is é an gníomh is éifeachtaí is féidir linn a dhéanamh chun ráta tarchuir an víris seo a laghdú ná líon ár ndlúth-theagmhálacha a laghdú. Má dhéanaimid é seo agus má leanaimid orainn ag cleachtadh na n-iompraíochtaí sábháilte eile mar scaradh fisiceach, sluaite a sheachaint, lámha a ní, casacht agus sraothartach a chlúdach, masc aghaidh a chaitheamh nuair is cuí agus aip Rianaithe COVID a íoslódáil, tá seans dáiríre againn leathadh an víris seo a mhoilliú."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

"Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 1 agus 1.2 anois. Cé gur feabhas é seo ar an méid atá feicthe againn le déanaí, níl sé fós mar a theastaíonn uainn go mbeadh sé. Tá tarchur an ghalair ag fás i gcónaí agus caithfimid an uimhir atáirgthe a thabhairt ar ais faoi bhun 1 má táimid chun scaipeadh COVID-19 a mhoilliú go héifeachtach agus a tharchur a chosc."

Dúirt an Dr. John Cuddihy, Stiúrthóir, Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, FSS:

"Táimid ag aithint ráigeanna i roinnt suíomhanna éagsúla mar thithe príobháideacha, ionaid oibre agus suíomhanna sóisialta.

"Scaipeann an galar seo go héasca nuair a bhíonn daoine cruinnithe le chéile. Ní mór dúinn go léir cruinnithe den sórt sin a sheachaint má táimid chun an víreas a chosc."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 28,453 cás deimhnithe é seo.