English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 28 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 47 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 46 díobh sin i mí Eanáir.

85 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 55-99 an raon aoise.

3,167 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 27 Eanáir, cuireadh 1,466 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 192,645* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 697 / is mná iad 764 díobh
  • Tá 55% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 41 aois airmheánach na ndaoine
  • 472 i mBaile Átha Cliath, 106 i nGaillimh, 103 i gCorcaigh, 77 i bPort Láirge, 70 i Luimneach agus tá na 638 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir**

Amhail 2pm inniu, tá 1,567 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 216 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 69 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá líon na gcásanna ag titim ach tá sé fós ard. Údar dóchais go bhfuil líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal ag laghdú agus go bhfuil líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim seasmhach.

“Mar sin féin, tá an ráta básmhaireachta ard le 878 duine básaithe go dtí seo i mí Eanáir. Tá imní orm faoin ráta ard atá á fheiceáil againn sna hionaid fadchúraim agus i ngrúpaí leochaileacha. Sábhálfaidh ár n-iarrachtaí daoine má fhanaimid sa bhaile agus scaipeadh an ghalair a bhriseadh. Lean oraibh ag cloí le comhairle sláinte phoiblí agus ag tacú lena chéile chun leanúint ar aghaidh."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;

“Tá líon na gcásanna ag titim agus trí oibriú le chéile chun teagmhálacha a laghdú, d'éirigh linn scaipeadh an ghalair a mhaolú agus meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 0.4-0.7. Tá iarracht mhór á dhéanamh againn ach tá bóthar fada romhainn go fóill. Ní mór dúinn an galar a chur faoi chois go hiomlán go ceann roinnt seachtainí eile más mian linn roghanna straitéiseacha a bhaint amach don todhchaí. Má choinnímid suas é seo, bheimis síos chomh fada le 200-400 cás in aghaidh an lae faoi dheireadh mhí Feabhra."

Dúirt an Dr Lorraine Doherty, Stiúrthóir Cliniciúil Náisiúnta um Chosaint Sláinte FSS - an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC);

“Ní thógann sé ach imeacht amháin chun slabhra COVID-19 a spreagadh a fhéadfaidh scaipeadh trí phobal. Chonaiceamar samplaí de ráigeanna in ionad oibre a scaip go teaghlaigh agus suíomhanna oibre eile, agus sa deireadh thiar bíonn líon na gcásanna níos airde sa phobal agus i measc na ndaoine is leochailí ó COVID-19 mar thoradh ar sin. Tá tábhacht le gach gníomh a dhéanann duine."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 192,645 cás deimhnithe é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

  • Minicíocht 7 lá 225.8
  • Meán gluaisteacha 5 lá 1,294

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 27 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 27 Ean 2021) Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ (go 27 Ean 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 27 Ean 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 27 Ean 2021)
Éire 1,466 1,294 621.9 29,614
Muineachán 50 49 1,373.3 843
59 63 908.6 1,171
Ceatharlach 33 25 874.7 498
Port Láirge 77 51 866.8 1,007
Dublin 472 409 733.4 9,882
Maigh Eo 68 43 730.2 953
Loch Garman 52 54 709.3 1,062
Luimneach 70 51 668.6 1,303
Uíbh Fhailí 17 25 623.4 486
An Mhí 36 50 607.0 1,184
An Cabhán 11 16 599.9 457
Dún na nGall 63 40 599.9 955
Corcaigh 103 128 569.2 3,090
Cill Dara 57 45 567.2 1,262
Gaillimh 106 68 538.6 1,390
Laois 15 16 504.2 427
Tiobraid Árann 31 33 497.0 793
An Clár 24 22 415.8 494
Cill Mhantáin 28 26 389.7 555
Sligeach 15 12 384.5 252
Longfort 13 10 362.1 148
An Iarmhí 18 18 350.3 311
Cill Chainnigh 16 15 348.7 346
Ciarraí 18 17 322.3 476
Ros Comáin 11 5 294.4 190
Liatroim <5 <5 246.5 79

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna do laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.