English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 3 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,080 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 2 Nollaig, cuireadh 183 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 73,228* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 82 / is mná iad 101 díobh
  • Tá 60% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 36 aois airmheánach na ndaoine
  • 56 i mBaile Átha Cliath, 26 i nDún na nGall, 13 i Luimneach, 11 i gCill Chainnigh, 11 i Muineachán agus tá na 66 cás eile scaipthe ar fud 15 chontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 239 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 32 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 10 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 21 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 73,228 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 02 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 02 Noll 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (19 SAMH go 02 Noll 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (19 SAMH go 02 Noll 2020)
Éire 183 79.7 3,794
Dún na nGall 26 212.3 338
6 162.2 209
Cill Chainnigh 11 147.1 146
Luimneach 13 132.9 259
Muineachán 11 109.1 67
Cill Mhantáin 5 108.1 154
Ceatharlach 9 98.4 56
Longfort <5 95.4 39
Bhaile Átha Cliath 56 90.8 1,223
Maigh Eo 0 90.4 118
Tiobraid Árann 6 78.3 125
Port Láirge 6 74.0 86
An Mhí 9 61.5 120
Ros Comáin <5 55.8 36
Corcaigh <5 52.3 284
Sligeach <5 51.9 34
Laois 0 50.8 43
An Cabhán <5 49.9 38
Cill Dara <5 48.5 108
Gaillimh 7 45.7 118
An Clár 0 42.9 51
Ciarraí 0 37.2 55
Uíbh Fhailí 0 37.2 29
An Iarmhí <5 23.7 21
Loch Garman 0 22.7 34
Liatroim <5 9.4 3

Is ionann ráta minicíochta 7 Lá reatha na hÉireann in aghaidh gach 100,000 den daonra agus 36.9.