English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 6 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh triúr díobh sin i mí Bealtaine, beirt i mí an Mhárta, agus triúr i mí Feabhra nó níos luaithe.

79 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 55 - 97 an raon aoise.

4,921* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 5 Bealtaine, cuireadh 393 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 251,474** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 175 / is mná iad 211 díobh
  • Tá 79% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 28 aois airmheánach na ndaoine
  • 173 i mBaile Átha Cliath, 42 i gCorcaigh, 34 i gCill Dara, 26 i nDún na nGall, 15 sa Mhí agus tá na 103 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile***.

Amhail 8am inniu, tá 131 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 36 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 16 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail Dé Máirt 4 Bealtaine, tugadh 1,655,866 dáileog den vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,201,373 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 454,493 duine

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Táimid go léir ag iarraidh go mbeidh maolú na srianta an tseachtain seo chugainn mar chor cinniúnach suntasach sa phaindéim seo. D'oibríomar chomh crua chun scaipeadh an ghalair seo a laghdú. Tá dáileog amháin de vacsaín COVID-19 faighte ag níos mó ná 30% de dhaoine fásta in Éirinn anois agus tá sé thar am a bheith dóchasach agus tosú ag pleanáil don samhradh.

“Tá na roghanna a dhéanaimid anois ríthábhachtach chun minicíocht COVID-19 a íoslaghdú i rith mhí na Bealtaine agus an Mheithimh. Déan iarracht a bheith amuigh agus seachain sluaite. Bíodh na siomptóim ar eolas agat - féin-aonraigh láithreach agus cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh má tá siad agat. Trí tú féin a chosaint, tá tú ag cosaint gach duine a bhfuil aithne agat orthu ó ionfhabhtú."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 4,921 bás deimhnithe é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 251,474 cás deimhnithe é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 5 Bealtaine 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 05 Beal 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 05 Beal 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (22 Aib 2021 go 05 Beal 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (22 Aib 2021 go 05 Beal 2021)
Éire 393 410 129.7 6,178
Dún na nGall 26 27 270.1 430
Cill Dara 34 34 260.2 579
An Iarmhí 7 11 200.5 178
Baile Átha Cliath 173 171 183.5 2,472
Tiobraid Árann 12 13 148.5 237
An Mhí 15 17 143.6 280
An Cabhán <5 10 139.2 106
Uíbh Fháilí <5 6 129.6 101
Luimneach 13 14 125.2 244
An Longfort <5 2 115 47
7 12 114.1 147
Ros Comáin 9 7 111.6 72
Cill Mhantáin <5 7 95.5 136
Muineachán 5 3 91.2 56
Liatroim <5 2 87.4 28
Ceatharlach 6 3 86.1 49
Gaillimh 9 11 84.9 219
Corcaigh 42 33 81.1 440
Port Láirge <5 5 71.4 83
Laois 5 3 53.1 45
Maigh Eo 0 4 45.2 59
An Clár 5 3 43.8 52
Cill Chainnigh <5 3 39.3 39
Loch Garman 5 4 28.7 43
Sligeach 0 1 25.9 17
Ciarraí <5 2 12.9 19

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Ráta minicíochta 7 lá 66
  • Meán gluaiseachta 5 lá 410