English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 8 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 7 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh beirt díobh sin i mí Aibreáin, beirt i mí an Mhárta, agus triúr i mí Feabhra.

78 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 62-89 an raon aoise.

4,737* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 4,737 bás é seo.)

Amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 67 Aibreán, cuireadh 400 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

239,723* * cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 239,723 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 205 agus is mná iad 193 díobh
  • tá 72% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • 162 i mBaile Átha Cliath, 61 i gCill Dara, 26 i gCorcaigh, 21 i nGaillimh, 17 i nDún na nGall agus tá na 113 cás eile scaipthe ar fud 18 contae eile

Amhail 8am inniu, tá 226 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 55 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 11 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 5 Aibreán 2021, bhí 940,883 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 667,182 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 273,701 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • minicíocht 7 lá 65.9
  • meán gluaiseachta 5 lá 408