English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an11 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 8 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,703 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 10 Meitheamh, cuireadh 8 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,238* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Faoi láthair tá 86 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal. Díobh sin, tá 28 cás san ICU faoi láthair.

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an 9 Meitheamh (25,230 cás):

  • is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 3,307 cás (13%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 412 cás isteach san ICU
  • tá baint ag 8,114 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,167 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,532 cás (6%) agus ansin Cill Dara le 1,426 cás (6%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 38%, is ionann dlúth-theagmháil agus 60%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 11 Meitheamh) chun leanúint dá hathbhreithniú ar fhreagairt agus ullmhacht na hÉireann i leith COVID-19.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Mhol NPHET feachtas cumarsáide náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh na moltaí reatha maidir le cumhdaigh aghaidhe a mhéadú. Tabharfaidh an feachtas breac-chuntas ar an gcleachtas is fearr maidir le cumhdaigh aghaidhe a úsáid in asraonta miondíola, ar iompar poiblí agus in áiteanna poiblí eile, áit a bhféadfadh sé a bheith deacair scaradh sóisialta a choinneáil."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

"D’fhan an uimhir atáirgthe seasmhach, idir 0.4 - 0.8 thar roinnt seachtainí. Tá an dá sheachtain amach romhainn ríthábhachtach anois chun tarchur a theorannú, an uimhir atáirgthe a choinneáil íseal agus an víreas a chosc. Is é an chaoi a ndéanaimid caidreamh lena chéile, agus muid ag dul i mbun ár saol laethúil gan srian, a chinnfidh cibé an dtiocfaidh méadú ar an uimhir atáirgthe nó nach dtiocfaidh."

Tá Comhairle Sláinte Poiblí nuashonraithe le fáil ag gov.ie/health.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,231 cás deimhnithe é seo.