Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - Dé Céadaoin, 3 Meitheamh, 2020
- Foilsithe: 3 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 3 daoine a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
Is ionann an líon daoine atá tar éis bás a fháil i gcúinsí atá gaolmhar le COVID-19 in Éirinn agus 1,659* san iomlán.
Amhail meán oíche, Dé Máirt, an 2 Meitheamh, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 47 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 25,111** cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
Tá an FSS ag obair chun aon duine gur féidir é a bheith áirithe mar theagmhálaí de chuid othair a shainaithint ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas leathadh breise den ghalar a chosc.
Tá an méid seo a leanas léirithe sna sonraí atá nochta ag an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Luain, an 1 Meitheamh, (25,064 cás):
- mná atá ann i ndáil le 57% de na cásanna agus fir atá ann i gcás 43% díobh
- Is ionann 48 agus meánaois na ndaoine atá i gceist sna cásanna deimhnithe
- Tá 3,298 cás (13%) ann a bhfuil an t-othar curtha san ospidéal go dtí seo
- As an líon sin daoine ar cuireadh iad san ospidéal, tá 409 cás ann ar cuireadh isteach in Aonad Dianchúraim iad
- Baineann 8,004 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna suite, áit ina bhfuil 12,093 cás (48% de na cásanna go léir), agus ag teacht sna sála ar sin tá Corcaigh, áit ina bhfuil 1,517 cás (6% díobh), agus Cill Dara, a bhfuil 1,419 cás (6%) ann
- As na daoine sin a bhfuil eolas againn faoin modh scaipthe a bhí i gceist: tá 39% díobh rangaithe mar an tras-seoladh pobail, 59% díobh mar an dlúth-theagmháil, agus 2% díobh gurb é an taisteal thar lear an cúis atá curtha leo
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte;
“Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le chéile arís Déardaoin an 4 Meitheamh chun leanúint ar aghaidh leis an athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar an fhreagairt ar Covid-19 atá le tabhairt in Éirinn. Leanfaidh an NPHET ar aghaidh ag cur moltaí faoi bhráid an Aire Sláinte. "
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte;
“Is ionann an ráta téarnaimh agus 91% anois. Is dea-scéal é sin agus dearbhaíonn sé an t-ionchas sin atá ann go dtiocfaidh le formhór na ndaoine a fhaigheann COVID-19 teacht slán as. Mar sin féin, is fíor an rud é go deo gur víreas corrach atá ann, nach féidir a thuar, agus is neamhchinnte an phrognóis a dhéantar i leith aon duine aonair, beag beann ar shláinte reatha an duine sin. Bain úsáid as hse.ie agus gov.ie/health chun teacht ar an eolas is úrnua agus chun eolas a fháil faoin iompraíocht gur cheart glacadh leis chun fanacht slán sábháilte."
Dúirt Siobhán Kennelly, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus agus Ceannaire Grúpa do Dhaoine Scothaosta san FSS;
“Tá sé mar fhreagracht orainn go léir leanúint ar aghaidh ag tacú le grúpaí leochaileacha atá inár sochaí. I measc na ngrúpaí leochaileacha sin, tá daoine scothaosta ann chomh maith le daoine, is cuma a n-aois, a bhfuil bunfhadhbanna sláinte acu. Coinnigh achar 2 mhéadar amach ó dhaoine eile agus tú amuigh faoin aer, glac leis na nósanna maidir leis an mbéasaíocht riospráide agus coinnigh leat ag ní do lámha go rialta."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 2 bhás a dhífhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr de 1,659 bás.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 2 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr de 25,111 chás dheimhnithe.