English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - Dé Domhnaigh, an 16 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2020

Níor tuairiscíodh aon chásanna nua de dhaoine a fuair bás don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Is ionann an líon daoine atá tar éis bás a fháil i gcúinsí atá gaolmhar le COVID-19 in Éirinn agus de 1,774, san iomlán.

Amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 15 Lúnasa, tá 66 cás dearbhaithe de COVID-19 tar éis a bheith curtha in iúl don HPSC. Faoi láthair, tá 27,257 cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn.

As na cásanna sin a bhfuil fógra tugtha ina leith inniu:

  • fir atá i gceist le 34 díobh / agus 29 díobh is mná atá i gceist
  • 67% díobh, tá siad níos óige ná 45 bliana d’aois
  • tá 12 de na cásanna a bhfuil sé deimhnithe go mbaineann siad le ráigeanna den ghalar nó gur cásanna iad a bhfuil an dlúth-theagmháil le cás dearbhaithe eile atá i gceist
  • tá 3 chás ann atá aitheanta mar an tras-seoladh pobail
  • táthar fós ag déanamh scrúdú ar an gcuid eile de na cásanna
  • tá 21 díobh lonnaithe i gCill Dara, 16 cinn i mBaile Átha Cliath, 6 cinn i Luimneach, agus tá an chuid eile den 23 chás suite i gContae an Chláir, i nDún na nGall, i Laois, i Lú, sa Mhí, i Muineachán, in Uíbh Fhailí, i Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann agus Cill Mhantáin

Tá an FSS ag obair chun aon duine gur féidir é a bheith áirithe mar theagmhálaí de chuid othair a shainaithint ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas leathadh breise den ghalar a chosc.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach ón Roinn Sláinte:

"Beidh NPHET ag teacht le chéile amárach chun na figiúirí faoi na cásanna a atá tuairiscithe le cúpla lá anuas a athbhreithniú agus a phlé, agus tá siad chun aon mholtaí a thabhairt don Rialtas atá ag teastáil chun daoine leochaileacha a chosaint, chun leanúint ar aghaidh le seirbhísí cúram sláinte a atosú agus chun a chinntiú go n-athosclófar ár scoileanna ar bhealach atá sábháilte.

"Tá an deis ag daoine anois caidreamh sóisialta a bheith acu le daoine eile mar gheall ar an tír a bheith athoscailte ar bhonn céimnithe. Mar sin féin, tá roinnt daoine atá ag déanamh an caidreamh sin ar bhealach atá meargánta místuama agus mar gheall air sin táthar ag baint ón iarracht mhór atá déanta ag formhór de na daoine timpeall na tíre atá ag glacadh leis an gcomhairle um an tsláinte phoiblí. Ní féidir leis sin leanúint ar aghaidh. Níl deireadh curtha leis an bpaindéim seo fosta, is cuma más rud é go bhfuiltear ag éirí braon de bheith ag cur suas léi.

"Ní mór dúinn go léir foghlaim conas iompar i gceart agus conas idirghníomhú ar bhealach nua sna míonna atá amach romhainn ionas nach mbeidh COVID-19 in ann daingniú sa phobal arís. Fan glan ó baiclí de dhaoine eile, laghdaigh na teagmhálacha sóisialta atá agat, coinnigh achar maith amach ó dhaoine eile, nigh do lámha agus caith clúdaigh aghaidhe."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:

  • Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
  • Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
  • Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
  • Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
  • Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach

Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.

Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19

Is iad siúd: