Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - Dé Sathairn 1 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon chásanna nua de dhaoine a fuair bás don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Is ionann an líon daoine atá tar éis bás a fháil i gcúinsí atá gaolmhar le COVID-19 in Éirinn agus de 1,763, san iomlán.
Amhail meán oíche Aoine, an 31 Iúil, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 45 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 26,109* cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn, san iomlán, ag an bpointe seo.
As na cásanna sin a bhfuil fógra tugtha ina leith inniu:
- fir atá i gceist le 23 díobh / agus 22 díobh is mná atá i gceist
- tá 77% díobh faoi 45 bliana d’aois (tá 50% díobh idir 25- 44 bliain d’aois)
- tá 9 gcinn de na cásanna lonnaithe i Luimneach, 8 gcinn díobh i gCill Dara, 7 gcinn i Maigh Eo, 6 cinn sa Chabhán, 4 cinn i mBaile Átha Cliath, agus tá an farasbarr go léir lonnaithe i 5 chontae.
- tá baint ag 18 díobh le ráigeanna nó le dlúth-theagmháil i gcuideachta cás atá dearbhaithe
- tá 12 chás ann atá aitheanta mar an tras-seoladh pobail
Tá an FSS ag obair chun aon duine gur féidir é a bheith áirithe mar theagmhálaí de chuid othair a shainaithint ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas leathadh breise den ghalar a chosc.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
“Le cúig lá anuas, tá 44 cás feicthe againn in aghaidh an lae, ar an meán. Is léir gur cúis imní atá sa treocht seo agus is ag an am seo gur cheart a chinntiú go bhfuil tú féin agus do theaghlach ag déanamh bhur ndícheall go léir fanacht slán sábháilte.
“Déan cinnte go gcoinnítear cruinnithe chomh beag is gur féidir agus ná tabhair cuireadh do níos mó ná 10 daoine eile cuairt a thabhairt ar do theach.
“Ná déan cóisirí tí a eagrú agus ná freastail orthu.
“Caithfidh bialanna uasteorainn 50 daoine (lena n-áirítear na baill foirne) a fhorfheidhmiú in áitreabh na bialanna i gcónaí.
“Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus ar na prótacail atá i bhfeidhm i ngach uile ionad oibre den athuair.
“Seachain suíomhanna nó timpeallachtaí comhchruinnithe nach bhfuil réamhchúraimí sábháilteachta curtha i bhfeidhm iontu.
“Nigh do lámha go minic rialta, tóg díghalrú lámh leat agus caith clúdach aghaidhe nuair is cuí.
“Déan cinnte de go ndéanann tú aonrú láithreach bonn má tá aon chomharthaí á taispeáint agat atá ar nós an fhliú.
“Is iad na bearta a dhéanaimid mar dhuine aonair a chuirfidh cosc ar an scaipeadh."
Tá an t-eolas is úrnua faoi na príomhtháscairí COVID-19 atá sa phobal ar fáil ar an nDeais COVID-19.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú