Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí - Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon chásanna nua de dhaoine a fuair bás don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Is ionann an líon daoine atá tar éis bás a fháil i gcúinsí atá gaolmhar le COVID-19 in Éirinn agus 1,792, san iomlán.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 274 cás dearbhaithe de COVID-19. Faoi láthair, tá 32,538* cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn.
As na cásanna sin a bhfuil fógra tugtha ina leith inniu;
- Fir atá i gceist le 142 díobh / agus 129 díobh, is mná atá i gceist
- 65% díobh, tá siad níos óige ná 45 bliana d’aois
- 52% de na cásanna, tá sé deimhnithe go mbaineann siad le ráigeanna den ghalair nó gur cásanna iad a bhfuil an dlúth-theagmháil le cás dearbhaithe eile atá i gceist.
- Tá 52 chás ann atá sainaitheanta gur de bharr an tras-seolta phobail iad
- Tá 166 díobh i mBaile Átha Cliath, 21 i gCorcaigh, 19 i nDún na nGall, 7 gcinn i gCill Dara, 7 in Uíbh Fhailí, 6 i bPort Láirge, 6 i gCill Mhantáin, 5 i Lú, 5 cinn i Luimneach agus 5 sa Mhí, agus tá na 27 cás eile lonnaithe i 12 chontae eile.
Tá an FSS ag obair chun aon duine gur féidir é a bheith áirithe mar theagmhálaí de chuid othair a shainaithint ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas an leathadh breise den ghalar a chosc.
Tá an t-eolas is úrnua faoi na príomhtháscairí COVID-19 atá sa phobal ar fáil ar an Deais COVID-19.
CRÍOCH