Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta um an Éigeandáil sa tSláinte Poiblí - Dé Céadaoin, 17 Meitheamh, 2020
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 3 daoine a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
Is ionann an líon daoine atá tar éis bás a fháil i gcúinsí atá gaolmhar le COVID-19 in Éirinn agus de 1,710* san iomlán.
Amhail meán oíche Dé Máirt, an 16 Meitheamh, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 8 gcás dearbhaithe de COVID-19. Tá 25,341** cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
Tá an FSS ag obair chun aon duine gur féidir é a bheith áirithe mar theagmhálaí de chuid othair a shainaithint ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas leathadh breise den ghalar a chosc.
Tá an méid seo a leanas léirithe sna sonraí atá nochta ag an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Luain, an 15 Meitheamh, (25,333 cás):
- Mná atá ann i 57% de na cásanna agus fir atá ann i 43% díobh
- Is ionann 48 agus meánaois na ndaoine atá i gceist san cásanna deimhnithe
- Tá 3,278 cás (13%) ann a bhfuil an t-othar curtha san ospidéal go dtí seo
- As an líon sin daoine ar cuireadh iad san ospidéal, tá 417 cás ann ar cuireadh isteach in Aonad Dianchúraim iad
- Baineann 8,144 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna suite, áit ina bhfuil 12,235 cás (48% de na cásanna go léir), agus ag teacht sna sála ar sin tá Corcaigh, áit ina bhfuil 1,535 cás (6% díobh), agus Cill Dara, a bhfuil 1,435 cás (6%) ann
- As na daoine sin a bhfuil eolas againn faoin modh scaipthe a bhí i gceist: tá 37% díobh rangaithe mar an tras-seoladh pobail, 60% díobh mar an dlúth-theagmháil, agus 2% díobh gurb é an taisteal thar lear an cúis atá curtha leo
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte;
“Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le chéile amárach (Déardaoin an 18 Meitheamh) chun leanúint ar aghaidh leis an athbhreithniú agus ullmhúchán leanúnach atá á dhéanamh acu ar an fhreagairt ar Covid-19 atá le tabhairt in Éirinn. Beidh athbhreithniú déanta ar chomhairle an NPHET maidir le hathchóiriú na céimeanna ar an Treochlár Chun an tSochaí agus an Ghnó a Athoscailt , sa chomhthéacs ina bhfuiltear i mbun an galar a chur faoi chois sa phobal go leanúnach faoi láthair agus in éadan an ráta a bhfuiltear ag comhlíonadh leis na bearta sláinte poiblí san fhoriomlán."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte;
“Is ionann an ráta téarnaimh agus 92%. Tá an táscaire seo, agus táscairí eile, leithéidí an uimhir atáirgthe, líon na ndaoine a gcuirtear san ospidéal iad agus líon na ndaoine a chuirtear in Aonad Dianchúraim iad ag seasamh go buan sochair faoi láthair, é sin nó tá siad ag dul sa treo ceart. Dea-scéal atá ann gur mar gheall ar dhianiarracht a bheith déanta ag gach aon duine chun an chomhairle sláinte poiblí a leanúint atá sé bainte amach againn."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 2 bhás a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 1,710.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 1 chás dheimhnithe amháin a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr de 25,341 chás dheimhnithe.