Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Luain 4 Aibreán 2022
- Foilsithe: 4 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 3,164 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Domhnaigh an 3 Aibreán, chláraigh 3,354* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
- Ar an Satharn 2 Aibreán, cuireadh 3,750 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte. Chláraigh 4,045* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.
- Dé Domhnaigh 3 Aibreán, cuireadh 2,313 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte. Chláraigh 2,863* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.
Amhail 8am inniu, tá 1,433 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 59 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.
Féach ar an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.