Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Luain an 14 Márta 2022
- Foilsithe: 14 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Márta 2022
Cuireadh 2,100 cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Domhnaigh an 13 Márta, chláraigh 7,271* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Dé Sathairn an 12 Márta, cuireadh 4,400 cás PCR-deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Chláraigh 6,853* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.
Dé Domhnaigh an 13 Márta, cuireadh 5,475 cás PCR-deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
Chláraigh 5,791* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS an lá roimhe sin.
Amhail 8am inniu, tá 1,042 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 42 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann