English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Roinn Sláinte - Déardaoin an 14 Aibreán 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 1,936 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Ina theannta sin, Dé Céadaoin an 13 Aibreán, chláraigh 2,259* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.

Amhail 8am inniu, tá 904 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 57 acusan san aonad dianchúraim.

Agus laeanta saoire bainc na Cásca ag druidim linn, tá sé tábhachtach go leanfaimid go léir leis an gcomhairle sláinte poiblí sóisialú go sábháilte agus díriú ar na daoine is leochailí ó COVID -19, agus muid féin, a chosaint.

Ba cheart d'aon duine a bhfuil symptoms of COVID-19 should siomptóim COVID -19 acu féin-aonrú go dtí 48 uair an chloig tar éis do na siomptóim a bheith réitithe go mór nó go hiomlán - ná freastal ar aon imeachtaí sóisialta, obair, scoil nó coláiste má tá siomptóim ort.

Ba cheart d'aon duine a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 féin-aonrú ar feadh 7 lá ó dháta tosaithe na siomptóm, nó má tá siad aisiomptómach, ó dháta na chéad tástála deimhní. Ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil deireadh ag teacht lena tréimhse féin-aonraithe ag lá a seacht leanúint ar aghaidh ag cloí le bearta cosanta sláinte poiblí eile.

Moltar maisc a chaitheamh ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte. Níor chóir go gcuirfí in aghaidh duine ar bith ar mian leo masc a chaitheamh. Moltar freisin do dhaoine aonair atá i mbaol COVID-19 a bheith feasach ar an mbaol a bhaineann le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh siad a bheith páirteach iontu agus bearta a ghlacadh chun iad féin a chosaint - smaoinigh ar masc a chaitheamh i suíomhanna plódaithe laistigh amhail cruinnithe sóisialta agus gníomhaíochtaí agus imeachtaí comhchosúla.

Lean ort ag cleachtadh sláinteachas maith láimhe agus riospráide trí lámha a ní agus a dhíghalrú go rialta agus casacht/sraothartach a dhéanamh isteach i d'uillinn. Coinnigh achar fisiciúil nuair is féidir.

Buail le chéile lasmuigh más féidir. Agus tú ag bualadh le daoine taobh istigh, seachain spásanna nach bhfuil aeráilte go maith agus coinnigh fuinneoga ar oscailt.

Beidh go leor daoine a bhí ionfhabhtaithe le COVID-19 le linn thréimhse na Nollag incháilithe anois le haghaidh teanndáileog den vacsaín COVID-19. Cuir coinne teanndáileoige in áirithe ar www.hse.ie má tá tú 12 bhliain d'aois nó níos sine. Níl sé ró-dhéanach príomhdháileog den vacsaín COVID-19 a fháil. Is iad na vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is measa de COVID-19.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.

Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.

Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.

Féach ar an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.