Ráiteas ar fhoilsiú an Imscrúdaithe Neamhspleách ar na himeachtaí a bhain le bás Aoife Johnston
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2024
Ráiteas ón Aire Sláinte, Stephen Donnelly, ar fhoilsiú an Imscrúdaithe Neamhspleách a rinne an tUasal Frank Clarke ar na himeachtaí a bhain le bás Aoife Johnston
“Tá mé ag smaoineamh inniu ar mhuintir Aoife. Tuigim go mbíonn gach lá crua orthu anois agus iad ag déileáil le bás tubaisteach a n-iníne agus a ndeirféar ionúin. Cuireann na himthosca agus na teipeanna ba chúis lena bás anabaí leis an mbriseadh croí.
“Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála seo agus gabhaim buíochas leis an Uasal Frank Clarke as a mhion-imscrúdú neamhspleách.
"Tá obair idir lámha anois san FSS chun moltaí an Uasail Clarke a chur i bhfeidhm agus chun cur leis na feabhsuithe atá déanta cheana féin ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh ó bhí 2022 ann, mar a aithníodh sa tuarascáil a rinne an tUasal Clarke.
"Sainaithnítear sa tuarascáil roinnt tosca a chuir leis an moill ar an gcóireáil agus le bás Aoife, lena n-áirítear prótacail a bhí doiléir, córais ad hoc, drochchumarsáid inmheánach agus mainneachtain maidir leis an bprótacal formhéadúcháin a úsáid.
“Cuirtear i dtábhacht sa Tuarascáil freisin an brú ollmhór a bhí ar an Roinn Éigeandála an oíche sin. Iarradh ar an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) athbhreithniú a threorú maidir le hacmhainneacht cúraim práinne agus éigeandála san Iarthar Láir, lena n-áirítear cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhfuil gá le Roinn Éigeandála eile.
“Maidir le cur i bhfeidhm mholtaí an Uasail Clarke, agus na ngníomhartha agus na n-athruithe a moladh san athbhreithniú cliniciúil saineolach a rinne FSS agus a foilsíodh inniu, tá tábhacht ag baint leo d’othair san Iarthar Láir, agus don fhoireann in Ospidéal Ollscoile Luimnigh, chun muinín a chothú athuair maidir le sábháilteacht agus cáilíocht an chúraim agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil ansin.”