Ráiteas leis an Aire Sláinte maidir le tíortha ‘ardbhaoil’ - Dé hAoine, an 26 Feabhra 2021
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD 13 stát bhreise leis liosta tíortha ‘ardbhaoil’. Caithfidh paisinéirí a thagann go hÉirinn ó na stáit ainmnithe seo tréimhse éigeantach d’fhéinchoraintín 14 lá a chaitheamh.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Leanann an Rialtas a mholadh gan aon taisteal idirnáisiúnta nach bhfuil bunriachtanach a dhéanamh ag an tráth seo agus tá réimse beart i bhfeidhm chun an beartas seo a neartú. Má thaistealaíonn tú go hÉirinn ó aon cheann de na tíortha ardbhaoil, caithfidh tú tréimhse éigeantach choraintín 14 lá a chaitheamh.
"Baineann seo le gach paisinéir ó stáit ainmnithe, gan aird ar náisiúntacht agus is í aidhm an bhirt seo an daonra a chosaint ó na dúshláin a chruthaíonn athraithigh nua is ábhar buartha.
"Chuir mé reachtaíocht faoi bhráid na Dála an tseachtain seo chun coraintín éigeantach a thabhairt isteach in áis ainmnithe. A luaithe a ghabh an Bille trí na céimeanna go léir san Oireachtas, déanfar é a chur faoi bhráid an Uachtaráin go ndéanfaidh sé breithniú air. Má dhéantar dlí den bhille, beartaíonn an Rialtas tús a chur le háiseanna coraintín éigeantaigh a oibriú a luaithe agus is féidir."
Bunaíodh Grúpa Maoirseachta Náisiúnta ar Athraithigh is Ábhar Buartha (VOCS) chun monatóireacht a dhéanamh ar agus comhairle a chur ar fáil ar na dúshláin a chruthaigh athraithigh is ábhar buartha.
Cuireann an Grúpa comhairle ar an bPríomhoifigeach Leighis, a chuireann an tAire Sláinte ar an eolas, ina dhiaidh sin, ar thíortha atá le sonrú mar thíortha chatagóir 2 faoi na Rialachán reatha (I.R. Uimh. 44 de 2021).
Tá athbhreithniú ar bhonn leanúnach le dhéanamh ar liosta thíortha chatagóir 2.
Is iad na stáit bhreise a cuireadh le catagóir 2:
- An Airgintín
- An Bholaiv
- An tSile
- An Cholóim
- Eacuadór
- Guáin na Fraince
- An Ghuáin
- Panama
- Paragua
- Peiriú
- Suranam
- Uragua
- Veiniséala
Tá eolas breise ar fáil ag gov.ie.
Nótaí
Is iad na stáit a ainmnítear faoi láthair mar stáit chatagóir 2:
Angóla, an Airgintín, an Ostair, an Bholaiv, an Bhotsuáin, an Bhrasaíl, an Bhurúin, Rinn Verde, an tSile, an Cholóim, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Eacuadór, an tSuasalainn, Guáin na Fraince, an Ghuáin, Leosóta, an Mhaláiv, Oileán Mhuirís, Mósaimbíc, an Namaib, Panama, Paragua, Peiriú, Poblacht of an Afraic Theas, Ruanda, na Séiséil, Suranam, an Tansáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Uragua, Veiniséala, an tSaimbia agus an tSiombáib.