English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas leis an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn - Dé Domhnaigh, an 14 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 15 Márta 2021

Tar éis eolas nua a fháil ó Ghníomhaireacht Leigheasra na hIorua tráthnóna Dé Sathairn, an 13 Márta agus i ndiaidh go ndearnadh plé leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (an ÚRTS), mhol an Coiste Comhairleach Imdhíonta Náisiúnta (an CCIN) go gcuirfear riar Vacsaín COVID-19 AstraZeneca siar go sealadach ón maidin seo, Dé Domhnaigh an 14 Márta.

Rinneadh an moladh seo i ndiaidh gur thug Gníomhaireacht Leigheasra na hIorua le fios gur tháinig téachtáin thromchúiseacha fola ar cheathrar daoine fásta i ndiaidh go ndearnadh iad a vacsaíniú le Vacsaín Covid-19 AstraZeneca. Níor baineadh an tátal as go bhfuil aon cheangal ann idir Vacsaín COVID-19 AstraZeneca® agus na cásanna seo. Mhol an CCIN, áfach, agus iad ag gníomhú de réir an phrionsabal an réamhchúraim, agus ar feitheamh eolas breise a fháil, go gcuirfear clár vacsaínithe Vacsaín COVID-19 AstraZeneca in Éirinn siar go sealadach.

Tá an CCIN le casadh ar a chéile arís ar maidin. Eiseofar ráiteas breise ina dhiaidh sin.