English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le soláthairtí vacsaíní COVID-19 - 4 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 5 Márta 2021

Tá Éire os cionn mheán an AE faoi láthair agus tá thart ar 3% dár ndaonra vacsaínithe go hiomlán. Fuair 6% dár ndaonra dáileog amháin ar a laghad den vacsaín agus tugadh 8.8 dáileog in aghaidh gach 100 dár ndaonra.

Is é straitéis an Chláir Vacsaínithe COVID-19 na vacsaíní go léir a fhaighimid a dháileadh chomh tapaidh agus is féidir ó thaobh oibríochta de, faoi réir a chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil. Níl ár gclár teoranta ach de réir soláthair, agus caithfidh na pleananna don rolladh amach a bheith solúbtha chun dul i ngleic le himeachtaí gan choinne.

Seo a leanas líon iomlán na vacsaíní a seachadadh go hÉirinn go dtí seo:

Táthar ag súil go ndáilfear an 500,000ú dáileog laistigh den tseachtain atá romhainn.

Tá seachadtaí vacsaíní do mhí an Mhárta fós á dtabhairt chun críche le déantóirí.

Taispeánann réamhphleanáil d’Aibreán, Bealtaine agus Meitheamh go bhfaigheann Éire 1 milliún + dáileog in aghaidh na míosa i gComhaontuithe Réamhcheannaigh. Táthar ag obair fós ar na frámaí ama seachadta le déantúsóirí.

Meastar gurb é comhdhéanamh na vacsaíní do Réamhaisnéisí Ráithe 2:

  • 54% Pfizer
  • 10% Moderna
  • 21% AstraZeneca
  • 15% Janssen*
  • Faoi réir údarú EMA.

Eiseofar tuilleadh nuashonruithe ar sheachadtaí vacsaíní ar bhonn leanúnach.