Ráiteas thar ceann an Aire Simon Harris tar éis an chruinnithe inniu de chuid an Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála
- Foilsithe: 8 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
“Tháinig mé le chéile inniu le baill den Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála chun plé a dhéanamh ar an mbrú atá ar rannóga éigeandála ar fud na tíre faoi láthair agus ar na bearta eisceachtúla atá á ndéanamh chun an brú sin a mhaolú.
Is do-ghlactha atá na dálaí ar gá d’othair déileáil leo inár rannóga éigeandála faoi láthair. Mar sin féin, is féidir linn an toradh atá ar na bearta eisceachtúla sin a fheiceáil anois, mar aon leis an toradh atá ar dhianobair ár mball foirne uile ar fud na seirbhíse sláinte.
Maidir leis na figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) don lá inniu, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil laghdú 101 othar tagtha ar an bhfigiúr don chéad lá oibre den tseachtain seo caite agus go bhfuil laghdú 122 othar tagtha ar an bhfigiúr is airde a thaifead an Cumann an tseachtain seo caite.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine uile atá ag obair gan stad gan staonadh in ospidéil ar fud na tíre le linn na tréimhse deacra seo.
Ag an gcruinniú de chuid an Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála inniu, rinneamar plé ar na bearta atá á ndéanamh ar fud na tíre agus comhaontaíodh go leanfaí ar aghaidh leis na bearta sin agus go ngéarófaí orthu sna laethanta atá le teacht.
Áirítear leis na bearta a comhaontaíodh ag an gcruinniú inniu méadú a dhéanamh ar an líon cinnteoirí cliniciúla sinsearacha a bhíonn ar fáil sna hospidéil san oíche agus ag an deireadh seachtaine, rochtain níos fearr a thabhairt ar dhiagnóisic, rochtain níos fearr a thabhairt ar leapacha cúraim idirthréimhsigh, leapacha breise a oscailt i roinnt ospidéal, Ospidéal San Séamas, Ospidéal an Mater agus Ospidéal Beaumont ina measc, agus leas a bhaint as an acmhainn leapacha in ospidéil phríobháideacha.
Chomh maith leis sin, d’iarr mé ar an Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála tabhairt faoi phíosa saothair chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí inar féidir linn tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine scothaosta le linn an gheimhridh, lena n-áirítear cónaitheoirí i dtithe altranais agus daoine scothaosta a chónaíonn sa phobal. Táim ag tnúth le toradh na hoibre sin, a úsáidfear le linn dúinn pleanáil don chéad gheimhreadh eile agus ina dhiaidh.
Is gá dúinn díriú anois ar a chinntiú go mbeidh pleananna i bhfeidhm againn chun an fhadhb inár rannóga éigeandála a réiteach agus chun deireadh a chur le timthriall an phlódaithe sa tseirbhís sláinte.
Táim tiomanta do trí thosaíocht a shaothrú sa bhliain 2018 chun déanamh amhlaidh: an acmhainn leapacha a mhéadú bunaithe ar an bhfianaise ón athbhreithniú ar an acmhainn leapacha, athchóiriú a chur chun feidhme trí leas a bhaint as an tuarascáil Sláintecare, agus an líon seirbhísí a sholáthraítear trí Chúram Príomhúil a mhéadú trí chonradh nua liachleachtóirí ginearálta a chomhaontú.
Leagfaidh mé tuarascáil an athbhreithnithe ar an acmhainn leapacha faoi bhráid an Rialtais sna seachtainí atá le teacht, agus cuirfear an tuarascáil sin san áireamh le linn don Rialtas a phlean caipitil a ullmhú.
Coinneoidh mé dlúth-theagmháil rialta ar bun thar na laethanta atá le teacht leis na príomhfheidhmeannaigh ar ghrúpaí ospidéal na tíre agus le hoifigigh shinsearacha i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.”
CRÍOCH