English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Reáchtálann an Grúpa Tagartha don Choimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta a chéad chruinniú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu, tá a chéad chruinniú á reáchtáil ag an nGrúpa Tagartha donItem was unpublished or removed. Tá Catherine McGuigan, Cathaoirleach an Ghrúpa Tagartha, ag cur fáilte roimh os cionn 70 ball den Ghrúpa Tagartha chuig an ócáid thábhachtach seo.

Feidhmíonn an Grúpa Tagartha mar chroílár an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta, chun go ndéanfar teagmháil le páirtithe leasmhara, ag cur bealaí cumarsáide ar fáil idir an gCoimisiún agus an tsochaí i gcoitinne.

Tarraingítear ballraíocht an Ghrúpa Tagartha ó bhreis agus 55 eagraíocht neamhrialtasach agus sochaí sibhialta, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara eile ag plé leis an réimse céanna, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil taithí saoil acu.

Is é príomhábhar de chruinniú an lae inniu ná plé ar "Tacaíocht Baile" agus "Tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta pobalbhunaithe eile do dhaoine aosta."

I measc na n-aoichainteoirí ag an ócáid bhí an tOllamh Alan Barrett, Cathaoirleach an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta agus Mary Butler T.D. An tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta.

Dúirt Catherine McGuigan:

“Tá mé thar a bheith sásta leis an aiseolas dearfach ó gach duine ar tugadh cuireadh dóibh a bheith ina mbaill den Ghrúpa Tagartha. Is deis iontach é plé a dhéanamh ar bhreithniú an Choimisiúin ar phríomhghnéithe a bhaineann le tacú le daoine aosta maireachtáil chomh sláintiúil agus chomh fada agus is féidir sa bhaile agus ina bpobail".

Dúirt an tOllamh Barrett:

“Bhí an-áthas orm páirt a ghlacadh sa chéad chruinniú seo den Ghrúpa Tagartha. Is cinnte go raibh plé an ghrúpa láidir agus cabhrach. Is luachmhar an deis é guthanna daoine aosta agus ceannairí tábhachtacha ó earnálacha sibhialta, poiblí, príobháideacha, pobail agus deonacha a chloisteáil. Cuirfidh fairsinge agus doimhneacht na dtuairimí a chuirtear in iúl anseo inniu, táim cinnte, go mór le plé an Choimisiúin."

Dúirt an tAire Butler:

"Gach lá, tá obair iontach á déanamh ar fud na tíre chun tacú le daoine aosta dul in aois go maith ina bpobail féin, agus cuirtear go leor de ar fáil trínár gcomhpháirtithe neamhrialtasacha agus pobail. Cinnteoidh a rannpháirtíocht sa Ghrúpa Tagartha go mbeidh guth agus rogha daoine aosta ó gach cearn den tsochaí chun tosaigh in obair an Choimisiúin".


Nótaí:

Agus an tionchar diúltach díréireach atá ag an bpaindéim ar dhaoine scothaosta á admháil, tá gealltanas sa Chlár don Rialtas: Ár dTodhchaí Roinnte (2020) go mbunófar ‘coimisiún chun cúram agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta a scrúdú’.

Ar an 3ú Deireadh Fómhar 2023, d'fhaomh an Rialtas an moladh, a thug an tAire Sláinte agus an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta chun cinn, chun Coimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta a bhunú

Bunaíodh an Coimisiún neamhspleách, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Alan Barrett, go foirmiúil an 21 Márta 2024 chun scrúdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta, chomh maith le moltaí a chur faoi bhráid an rialtais maidir lena bhforbairt go straitéiseach.

Is cuid lárnach d'obair an Choimisiúin í rannpháirtíocht agus comhoibriú le páirtithe leasmhara (ionadaithe ó gach cearn den Rialtas agus den tsochaí shibhialta san áireamh)

Glacadh le Item was unpublished or removed ar an 20 Bealtaine le linn an tríú cruinniú den Choimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta agus tá siad ar fáil anseo.

Beidh an Coimisiún neamhspleách, agus tacóidh rúnaíocht ón Roinn Sláinte lena chuid oibre.

Item was unpublished or removed

Item was unpublished or removed

Ina dhiaidh sin, bunófar grúpa tras-rannach faoi choimirce an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil na tacaíochtaí d'aosú dearfach ar fud an chúrsa saoil oiriúnach don fheidhm agus chun plean forfheidhmithe costáilte a fhorbairt le haghaidh roghanna chun na tacaíochtaí sin a bharrfheabhsú.