Reachtaíocht shuntasach Mheabhairshláinte le dul chun cinn mar thosaíocht de réir mar a chinntíonn an tAire Butler athbhunú an Bhille Meabhair-Shláinte, 2024
- Foilsithe: 7 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An Bille Meabhair-Shláinte, 2024 le teacht in áit an Achta Meabhair-Shláinte, 2001
- Is tosaíocht de chuid an Rialtais é an Bille a achtú
- Tá an Bille nua, ina bhfuil 202 alt, dírithe ar an duine agus tabharfaidh sé cosaint bhreise do chearta na ndaoine sin a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn
Chuir an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler TD, fáilte inniu roimh athbhunú an Bhille Meabhair-Shláinte 2024 ar chlár reachtaíochta an Oireachtais. Fágann an gníomh seo go mbeidh an reachtaíocht á breithniú ag Céim an Choiste sa Dáil sna seachtainí amach romhainn, tar éis di an Dara Céim a chríochnú i mí Mheán Fómhair seo caite.
Tá an tAire Butler ag súil le tuilleadh díospóireachta dearfaí ó gach taobh agus le himeacht an Bhille trí na Tithe.
Dúirt an tAire Butler:
"Tá an-áthas orm a bheith in ann leanúint leis an obair le roinnt blianta anuas chun an Bille ríthábhachtach seo a chur chun cinn. Ní mór dúinn an reachtaíocht seo a achtú chun an reachtaíocht mheabhairshláinte a nuachóiriú agus chun na cosaintí riachtanacha a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go gcosnófar cearta na ndaoine sin a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn.
"Rachaidh an Bille chun tairbhe do gach duine a bhfuil rochtain acu ar réimse leathan seirbhísí meabhairshláinte trí chóras cuimsitheach clárúcháin agus rialála seirbhísí meabhairshláinte sa phobal a thabhairt isteach den chéad uair, lena n-áirítear gach CAMHS pobail."
Is píosa reachtaíochta casta agus fada é an Bille Meabhair-Shláinte, 2024 agus tá críoch á cur ag oifigigh ar shraith leasuithe roimh Chéim an Choiste lena chinntiú go bhfuil an reachtaíocht chomh láidir agus is féidir.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
"Bhí achtú an Bhille seo mar thosaíocht agam féin agus ag an Rialtas le fada an lá, agus bhí áthas orm an Bille a thabhairt chuig an Dara Céim anuraidh, áit a raibh díospóireacht dhearfach ann maidir lena fhorálacha. Ba mhór an onóir dom é freisin suí ag bord na Comh-Aireachta an tseachtain seo nuair a rinne an Rialtas an cinneadh an reachtaíocht seo a chur ar ais ar pháipéar orduithe na Dála. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le comhghleacaithe sa Dáil chun an Bille a chur chun cinn trí na céimeanna atá fágtha sna seachtainí amach romhainn."
Nótaí:
Déanfar foráil sa Bhille nua, i measc nithe eile, le:
- Próiseas nuashonraithe iontrála agus coinneála atá neamhdheonach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte acu, lena n-áirítear sraith athbhreithnithe de chritéir iontrála.
- Cur chuige ollchóirithe maidir le toiliú le cóireáil do dhaoine a chuirtear isteach go neamhdheonach.
- Leathnú ar fheidhm rialála an Choimisiúin Mheabhair-Shláinte chun gach áit chónaithe agus seirbhís mheabhairshláinte sa phobal a chur san áireamh, lena n-áirítear gach CAMHS pobail.
- Ailíniú níos dlúithe le prionsabail na nAchtanna um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus 2022.
- Cosaintí níos láidre do dhaoine a bhíonn rochtain acu ar chóireáil othar cónaitheach.
- Cúram agus cóireáil leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear forálacha chun ligean do dhaoine idir 16 agus 17 mbliana d'aois toiliú le cóireáil mheabhairshláinte nó diúltú di.