English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rialacháin maidir le caitheamh éigeantach aghaidhchlúdaigh ar iompar poiblí sínithe ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2020

Inniu (Dé hAoine, an 10 Iúil) shínigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Rialacháin Acht Sláinte 1947 (Alt 31A – Srianta Sealadacha) (Covid-19) (Aghaidhchlúdaigh ar Iompar Poiblí) 2020 maidir le caitheamh éigeantach aghaidhchlúdaigh ar iompar poiblí.

Foráiltear leis na rialacháin, ón 13 Iúil 2020, nach dtaistealóidh daoine den phobal, gan leithscéal réasúnach, ar iompar poiblí gan aghaidhchlúdach a chaitheamh.

Áirítear le leithscéal réasúnach na cásanna seo a leanas

  • ní féidir le duine aghaidhchlúdach a chur air/uirthi, a chaitheamh nó a bhaint dó/di mar gheall ar aon tinneas, mallachar nó míchumas coirp nó meabhrach nó gan anacair throm
  • ní mór do dhuine a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le duine éigin eile ag a bhfuil deacrachtaí cumarsáide
  • ní mór do dhuine an t-aghaidhchlúdach a bhaint chun cúnamh éigeandála a thabhairt nó chun cúram nó cúnamh a thabhairt do dhuine leochaileach
  • ní mór an t-aghaidhchlúdach a bhaint chun cógas a thógáil.

Ní bhaineann na Rialacháin le leanaí atá faoi 13 bhliain d’aois.

Sa chás nach bhfuil aghaidhchlúdach á chaitheamh ag paisinéir, féadfaidh duine iomchuí faoi na Rialacháin a iarraidh ar an bpaisinéir aghaidhchlúdach a chaitheamh, cead isteach san fheithicil iompair phoiblí a dhiúltú don phaisinéir, nó a iarraidh ar an bpaisinéir tuirlingt den fheithicil. Ní mór do phaisinéir na hiarratais seo nó diúltú do chead isteach a chomhlíonadh. Is cion é mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD;

“Ní hamháin go gcosnóidh caitheamh éigeantach aghaidhchlúdach ar iompar poiblí comhaltaí foirne agus paisinéirí araon, tarraingeoidh sé aird ar a riachtanaí is atá sé dul i dtaithí ar nósanna nua i rith na paindéime seo. Is bearta beaga, aonair iad scaradh fisiciúil, lámha a ní, béasaíocht casachta/sraotha agus aghaidhchlúdaigh, ar féidir leo difríocht shuntasach a dhéanamh do shaol go leor daoine.”

“Is fianaise é aghaidhchlúdach a chaitheamh i suíomhanna oiriúnacha go bhfuil daoine ag tacú lena gcairde agus lena dteaghlaigh, leis an tseirbhís sláinte agus foireann na seirbhíse atá ag obair ag an túslíne i rith na géarchéime seo, agus fianaise go bhfuil daoine ag tacú leis an tír mar chuid de na hiarrachtaí an galar seo a bhrú faoi chois.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Gníomhaithe ar son na hAeráide, Líonraí Cumarsáide agus Iompair, Eamon Ryan;

“Agus iarrachtaí á ndéanamh againn an tsochaí a athoscailt go sábháilte, beidh méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil iompar poiblí in úsáid acu. Cé go dtuigim go bhfuil go leor daoine sásta aghaidhchlúdach a chaitheamh ar sheirbhísí iompair phoiblí, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil aghaidhchlúdach á chaitheamh ag gach duine, ach amháin na daoine sin nach féidir leo mar gheall ar chúiseanna sláinte nó de bhrí go bhfuil siad ró-óg. Beidh ról tábhachtach ag caitheamh éigeantach aghaidhchlúdach i gcinntiú gur féidir leo siúd ar gá dóibh taisteal, taisteal go sábháilte. Is féidir linn ar fad é seo a dhéanamh go héasca chun cabhrú leis an víreas a rialú agus na daoine mórthimpeall orainn a chosaint.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an bPríomhoifigeach Leighis Gníomhach, An Dr. Ronan Glynn;

“Cinntigh go bhfuil do lámha glan nuair atá aghaidhchlúdach á chur ort agus á bhaint díot. Ná leag lámh ar thosach an chlúdaigh, úsáid na strapaí cluaise chun an clúdach a chur ort agus a bhaint díot. Má theastaíonn roinnt clúdach uait i gcaitheamh an lae, stóráil na clúdaigh úsáidte i mála plaisteach, ar a bhfuil glas zip, go dtí gur féidir leat iad a ní ag 60 céim.”

“Tá sé tábhachtach nach ligtear i ndearmad nach féidir le daoine áirithe aghaidhchlúdach a chaitheamh mar gheall ar chúiseanna sláinte nó aoise agus nár cheart aon duine a cháineadh nó breithiúnas a thabhairt ar aon duine mar gheall air seo.”

“Cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoi úsáid agus diúscairt cheart aghaidhchlúdach trí eolas a fháil ó fhoinsí iontaofa cosúil le gov.ie/health nó hse.ie.”

Tá tuilleadh treorach maidir le húsáid chuí aghaidhchlúdach le fáil anseo.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

Moltar aghaidhchlúdach a chaitheamh i gcásanna nuair nach féidir aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, i siopaí agus ar iompar poiblí gnóthach mar shampla, nó má tá tú ag bualadh le daoine eile atá leochaileach don víreas seo, daoine atá ag clutharú mar shampla. Trí aghaidhchlúdach a chaitheamh d’fhéadfaí stop a chur le daoine a bhfuil an víreas orthu, ach nach eol dóibh go bhfuil, an víreas a scaipeadh chuig daoine eile.

Moltar aghaidhchlúdach a chaitheamh sna cásanna seo a leanas:

  • nuair nach féidir spás 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile go héasca - i siopaí, ionaid siopadóireachta nó ar iompar poiblí, mar shampla
  • nuair atá daoine ag tabhairt cuairt ar thithe daoine atá ag clutharú
  • nuair atá daoine atá ag clutharú ag tabhair cuairt ar dhaoine eile ina dtithe

Moltar do dhaoine a bhfuil aghaidhchlúdach á chaitheamh acu aird a thabhairt freisin ar na rudaí eile a mbaineann tábhachta leo i ndáil le scaipeadh an víris a chosc.

Áirítear ina measc:

  • do lámha a ní i gceart agus go minic
  • do bhéal agus do shrón a chlúdach le ciarsúr páipéir nó le do mhuinchille nuair a bhíonn tú ag casacht agus ag sraoth
  • gan lámh a leagan ar do shúile, srón nó béal mura bhfuil do lámha glan
  • scaradh sóisialta (fás spás 2 mhéadar, ar a laghad, idir tú féin agus daoine eile)

Níl aghaidhchlúdaigh déanta d’éadach oiriúnach do leanaí faoi 13 bhliain d’aois agus d’aon duine:

  • ag a bhfuil deacrachtaí anáil a tharraingt
  • atá gan aithne nó ar éagumas
  • nach bhfuil in ann é a bhaint dó/di féin gan cúnamh ó dhuine éigin eile
  • ag a bhfuil riachtanais speisialta agus a d’fhéadfadh a bheith trína chéile nó míchompordach dá mbeadh air/uirthi aghaidhchlúdach a chaitheamh