Rialacha nua ar thaisteal idirnáisiúnta ón 1 Feabhra 2022
- Foilsithe: 31 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ón 1 Feabhra 2022, tiocfaidh rialacha nua maidir le taisteal go hÉirinn i bhfeidhm.
Mar chuid de na hathruithe seo, ní ghlacfar le teastais vacsaíne Covid don bhunsraith vacsaíne le haghaidh taistil má tá níos mó ná 270 lá (thart ar 9 mí) caite ón dáileog deiridh sa bhunsraith vacsaíne. Níl teorainn ama ar theastais vacsaíne bunaithe ar theanndáileog/dáileoga breise.
Caithfidh paisinéirí gan chruthúnas vacsaínithe mar atá thuas, nó cruthúnas téarnaimh ó COVID-19 sna 6 mhí roimhe sin, fianaise a thaispeáint ar thoradh tástála PCR diúltach ('neamhbhraite') a tógadh 72 uair an chloig roimh dóibh teacht go hÉirinn.
Ón 1ú Feabhra is féidir le paisinéirí taisteal go hÉirinn le cruthúnas glactha vacsaínithe le haghaidh Novavax (Nuvaxovid), a cheadaigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) le déanaí.
Is féidir Teastas Digiteach COVID an AE a úsáid mar fhianaise le haghaidh taistil maidir le vacsaíniú COVID-19, vacsaíniú teanndáileoige, téarnamh ó COVID-19, nó cruthúnas ar thástáil dhiúltach COVID-19. Faigh amach conas do Theastas Digiteach COVID a fháil anseo gov.ie/dcc
Sula dtéann tú ag taisteal féach le do thoil ar gov.ie/travel agus riachtanais chinn scríbe an AE ar reopen.europa.eu/en.
Nótaí do na hEagarthóirí:
- Tá an riail 270 lá le haghaidh vacsaínithe príomhúla á tabhairt isteach ar fud an AE mar thoradh ar athruithe ar rialacháin an AE maidir leis an Teastas Digiteach Covid.
- Ar leithligh, beidh tréimhse ghlactha chaighdeánach de 14 lá tar éis na dáileoige deiridh i mbunsraith vacsaíne ag teastáil do gach vacsaín a ghlactar le haghaidh taistil go hÉirinn.
- Tá an tréimhse ghlactha chaighdeánach de 14 lá tar éis na dáileoige deiridh infheidhme freisin maidir le daoine a fuair bunchúrsa vacsaíne meascaithe nó dáileog aonair de vacsaín laistigh de 180 lá tar éis dóibh téarnamh ó COVID-19.
- Ta an Fhoirm Aimsithe Paisinéirí Covid leasaithe ón 1ú Feabhra chun na hathruithe thuas a chur san áireamh.