Rialtas chun Grúpa Oibre Idir-Rannach a bhunú chun an costas méadaitheach éileamh a bhaineann le sláinte a scrúdú agus meicníochtaí a mheas chun costais a laghdú.
- Foilsithe: 31 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2023
Fuair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly cead ón Rialtas inniu Grúpa Oibre Idir-Rannach a bhunú chun costas méadaitheach éileamh a bhaineann le sláinte a scrúdú agus meicníochtaí a mheas chun costais a laghdú. Scrúdóidh an Grúpa costas méadaitheach éileamh a bhaineann le faillí cliniciúla sa chóras sláinte, le béim ar leith ar éilimh ardluacha, agus aithneoidh sé bearta a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun costais amach anseo a laghdú.
Cuimseoidh breithnithe an Ghrúpa plean a fhorbairt chun bainistíocht riosca agus tionscnaimh eile a chur i bhfeidhm chun teagmhas díobhálach a laghdú agus bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar imní othar tar éis dóibh teagmhas díobhálach a bheith acu, le bearta a mhol an Dr Scally ina thuarascáil athbhreithnithe cur chun feidhme deiridh á gcur san áireamh.
Beidh an Grúpa faoi chathaoirleacht neamhspleách ag gairmí cúraim sláinte saineolach, an Dr Rhona Mahony agus beidh ballraíocht ann ó gach ceann de phríomh-Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is é an bealach is éifeachtaí chun costas na n-éileamh i gcoinne FSS a bhainistiú ná teagmhais díobhála inseachanta a íoslaghdú. Cé go n-oibríonn an Roinn agus FSS go leanúnach chun monatóireacht agus sábháilteacht othar a fheabhsú, teagmhais díobhála a laghdú agus riosca a íoslaghdú, tá fonn orm gníomh breise a dhéanamh ina leith seo.
Beidh bunú an Ghrúpa seo, faoi chathaoirleacht an Dr. Rhona Mahony agus comhdhéanta de bhaill ó phríomhranna agus ó phríomhghníomhaireachtaí Rialtais, riachtanach chun bearta a aithint a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun torthaí d'othair a fheabhsú agus costais amach anseo a laghdú. Is píosa oibre tábhachtach é seo d’othair agus don tseirbhís sláinte ar fad agus táim ag tnúth le torthaí agus moltaí an ghrúpa a fháil in am trátha".
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
- Cheadaigh an Rialtas inniu Grúpa Oibre Idir-Rannach a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar chostas méadaitheach éileamh a bhaineann le sláinte agus meicníochtaí a bhreithniú chun costais a laghdú, a comhaontaíodh lena bhallraíocht agus le Téarmaí Tagartha an Ghrúpa agus le ceapachán an Dr. Rhona Mahony ina cathaoirleach neamhspleách.
- Is Cnáimhseoir Comhairleach agus Speisialtóir sa Leigheas Féatais í an Dr Rhona Mahony san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais (NMH), Baile Átha Cliath. Is iar-Mháistir NMH í agus iar-Stiúrthóir Sláinte na mBan in IEHG. Is comhalta í de RCOG na Ríochta Aontaithe agus RCPI na hÉireann. Tá cuntas teiste láidir aici in abhcóideacht do chúram sláinte na mban agus bronnadh comhaltacht oinigh uirthi ón gColáiste Meiriceánach O&G agus dochtúireacht oinigh ó OÉ as a cuid oibre ar mhaithe le sláinte na mban. Tá go leor páipéar foilsithe aici sa phreas acadúil. In 2014, bhí an Dr Mahony ina Chomhalta Eisenhower tar éis am a chaitheamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar chuid de chlár ceannaireachta il-náisiúin. In 2013, bhunaigh sí an Foras Náisiúnta Máithreachais a thacaíonn le hobair an Ospidéil. Tá sí ar bhord Ghrúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann, ar Bhord comhairleach Scoil Ghnó na Tríonóide agus ar bhord Halocare. Faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Mhúsaem Beag Bhaile Átha Cliath.
Téarmaí Tagartha don Ghrúpa:
Scrúdóidh an Grúpa Oibre Idir-rannach costas méadaitheach éileamh a bhaineann le faillí cliniciúla sa chóras sláinte, le béim ar leith ar éilimh ardluacha, agus aithneoidh sé bearta a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun costais amach anseo a laghdú. Déanfaidh an Grúpa an méid seo a leanas go háirithe:
1) Measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna go bhfuil costais na n - éileamh ag ardú i gcónaí;
2) Plean a fhorbairt chun bainistíocht riosca agus tionscnaimh eile a chur i bhfeidhm chun teagmhais dhíobhálacha a laghdú, go háirithe i gcatagóir na n-éileamh ardluacha (>€4m), a d'fhéadfadh torthaí a fheabhsú agus costais a laghdú sa todhchaí (smaoineamh ar rannpháirtíocht, inter alia, leis an nGrúpa Gníomhaíochta Náisiúnta Einceifealapaite Nuabheirthe, ar comhoibriú é idir an SCA, NPSO agus FSS agus atá ag scrúdú straitéisí chun riosca a bhaineann le gortuithe breithe inchoiscthe a mhaolú);
3) Bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar imní othar tar éis teagmhais, (m.sh., nósanna imeachta nochta, comhairleoireacht tráma, tacaíochtaí a sholáthar) a laghdóidh an gá d'othair imeachtaí dlí a thionscnamh. Agus é seo á bhreithniú, ba cheart don ghrúpa machnamh a dhéanamh ar na bearta sin a mhol an Dr. Scally ina thuarascáil athbhreithnithe deiridh ar chur chun feidhme a foilsíodh i mí na Samhna 2022.
4) Nuashonruithe a fháil ar chur i bhfeidhm na moltaí atá leagtha amach i dTuarascáil an “Ghrúpa Saineolaithe chun Athbhreithniú a dhéanamh ar Dhlí na dTortanna agus na hÉilimh ar Fhaillí Cliniciúil a Bhainistiú” (‘Tuarascáil Meenan '), agus bearta athchóirithe Ceartais Shibhialta atá á ndéanamh sa Roinn Dlí agus Cirt nuair is ábhartha don tsaincheist maidir le costas éilimh a bhaineann le FSS a laghdú agus gníomhartha a aithint chun na hathchóirithe seo a luathú agus a dtionchar ar éilimh sláinte a uasmhéadú;
5) Scrúdú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an chórais sláinte sa phróiseas éileamh, go háirithe a ról i soláthar fianaise/taifid leighis le linn fionnachtana d'fhonn próisis a chuíchóiriú a d'fhéadfadh costas riaracháin na n-éileamh a laghdú, lena n-áirítear costais dhlíthiúla ach gan a bheith teoranta dóibh;
6) Smaoinigh ar chur chuige an bheartais agus an chórais sláinte maidir le Móréilimh, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh cibé an bhfuil scóip ann don Roinn/FSS a cur chuige a fheabhsú nó a chaighdeánú agus iad ag déileáil le glaonna ar chúiteamh agus fiosrúcháin nó nach bhfuil.
Ní scrúdóidh an Grúpa na saincheisteanna seo ach amháin laistigh de na paraiméadair atá leagtha amach sna Téarmaí Tagartha, arna gceadú ag an Rialtas