English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Sláinte Rialacháin lena gCabhraítear le hOidis le linn na héigeandála COVID-19

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 3 Aibreán 2020

Rinne Simon Harris, an tAire Sláinte, dhá ionstraim reachtúla a shíniú inniu (Dé hAoine an 3 Aibreán) chun an brú atá ar ár lia-chleachtóirí ginearálta, ár gcógaiseoirí agus ár n-othair agus iad ag rochtain oideas a mhaolú.

Shínigh an tAire na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte (Oideasú agus Rialú Soláthair) (Leasú) 2020 lena bhforáiltear don ríomhaistriú oideas chuig cógaslann trí ríomhchóras ceadaithe, mar atá an córas Healthmail de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

De bhreis air sin, méadaítear uastréimhse bailíochta aon oidis ó shé mhí go naoi mí ón dáta atá sonraithe ar an oideas.

Tá roinnt athruithe sealadacha sa dóigh a bhféadfar oidis leantacha a sholáthar á dtabhairt isteach freisin chun cur ar chumas cógaiseoirí leanúnachas cúraim na n-othar a chinntiú gan a éileamh go soláthrófaí oideas nua i ngach cás.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:

“Táimid ag iarraidh ar dhaoine fanacht sa bhaile. Is eol dúinn go dteastóidh rochtain ar chógais thábhachtacha óna lán daoine agus sin é an fáth a bhfuilimid ag tabhairt na mbeart seo isteach. Mar sin féin, ba mhaith liom iarraidh ar othair agus ar an bpobal i gcoitinne gan soláthairtí cógas atá níos mó ná a ngnáthriachtanais a lorg. Má dhéanann siad amhlaidh, cuirfear bac ar an soláthar cógas do dhaoine eile.

"Maolófar an brú ar lia-chleachtóirí ginearálta agus ar chógaiseoirí mar thoradh ar na hathruithe a dhéanfaimid inniu. Rud tábhachtach, laghdófar an gá atá ag daoine le cuairt a thabhairt ar a lia-chleachtóir ginearálta nó ar chógaslann le linn na paindéime seo.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bhfoirne cúram sláinte, leis an Roinn seo agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as a gcuid oibre ar an ní seo. Is beart suntasach é seo agus cabhróidh sé linn agus muid ag iarraidh leathadh an víris a mhoilliú."

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Rinne an tAire Sláinte roinnt leasuithe práinneacha ar na Rialacháin um Tháirgí Íocshláinte (Oideasú agus Rialú Soláthair), 2003, agus ar na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí, 2017, a shíniú isteach sa dlí an 2 Aibreán 2020. Measadh iad a bheith riachtanach chun freagairt don éigeandáil reatha COVID-19.

Is féidir na príomhleasuithe atá á dtabhairt isteach a achoimriú mar seo a leanas:

1. An ríomhaistriú oideas

Chun foráil a dhéanamh don ríomhaistriú oideas, idir oidis phoiblí seirbhísí ginearálta leighis agus oidis phríobháideacha, ó oideasóir chuig cógaslann trí ríomhchóras atá ceadaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, mar atá an córas Healthmail de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte*.

Mar thoradh air sin, ní bheidh sé ina cheanglas a thuilleadh cóip pháipéir d’oideas a chur ar aghaidh chuig cógaslann más rud é go ndéantar é a sheoladh agus a fháil tríd an ríomhsheirbhís córais dhúnta.

Is é an toradh a bheidh ar an bhforáil sin ná go laghdófar an gá a bheidh ag othar le dul chuig ionad sláinte chun oideas a bhailiú le linn na héigeandála. Ní mheasfar modhanna eile aistrithe amhail ríomhphoist phríobháideacha agus facsanna a bheith ina n-oidis dhlisteanacha agus ní mór an t-oideas bunaidh a thaispeáint ag an gcógaslann tráth an dáilte.

  • Is é atá sa chóras Healthmail ná seirbhís ríomhphoist chliniciúil shábháilte atá i mbun feidhme ón mbliain 2014 i leith agus lena gcuirtear ar chumas soláthraithe cúram sláinte faisnéis chliniciúil othar a sheoladh agus a fháil go sábháilte. Tríd an gcóras Healthmail a úsáid, is féidir faisnéis chliniciúil ina n-aithnítear an t-othar, mar aon le hoidis, a chomhroinnt idir gairmithe cúram sláinte. Tá an córas Healthmail cumraithe chun go mbeidh sé furasta le húsáid agus chuir sé feabhas ar chumarsáid leictreonach ar mhaithe le hothair agus le cliniceoirí.

2. Tréimhse bailíochta na n-oideas

De bhreis air sin, déantar uastréimhse bailíochta aon oidis le haghaidh drugaí neamhrialaithe a mhéadú go sealadach ó shé mhí go naoi mí ón dáta atá sonraithe ar an oideas.

3. Oidis Leantacha

Tá roinnt athruithe sealadacha sa dóigh a bhféadfaidh cógaiseoirí oidis leantacha a sholáthar á dtabhairt isteach freisin chun cur ar chumas cógaiseoirí leanúnachas cúraim na n-othar a chinntiú gan a éileamh go bhfaighfí oideas nua ón oideasóir i ngach cás. I gcás go mbeidh an cógaiseoir den tuairim ghairmiúil go mbeidh sé sábháilte, cuí agus riachtanach soláthar breise a dhéanamh ar mhaithe le cóireáil leantach a chur ar an duine, agus go mbeidh sé neamhréasúnach ag an am sin éileamh ar an duine oideas nua a fháil, féadfaidh an cógaiseoir soláthairtí breise a dhéanamh in aghaidh oidis reatha le haghaidh cineálacha áirithe cógas.

Eiseoidh Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus Comhairle na nDochtúirí Leighis treoir chomhpháirteach do Chógaiseoirí agus d’Oideasóirí i dtaca leis na leasuithe sin.

4. Soláthairtí cógas

Níl aon tuairiscí ag teacht chun cinn á léiriú go bhfuil Covid-19 ag dul i bhfeidhm ar an soláthar ginearálta cógas go hÉirinn. Mar sin féin, tá údaráis idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, san airdeall fós ar aon riosca féideartha. In Éirinn, tá an Roinn Sláinte agus an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte ag obair mar chuid de fhreagairt an Aontais Eorpaigh ina iomláine do Covid-19.

Coinnítear stoic bhreise chógas i slabhra soláthair cógas na hÉireann mar ghnáthamh cheana féin. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeidh Éire ag dul i ngleic le fadhbanna sa soláthar ginearálta cógas i láthair na huaire ná go ceann i bhfad mar thoradh ar aon mhoilleanna féideartha a d’fhéadfadh saincheisteanna a bhaineann le Covid-19 a chur ar an slabhra soláthair.

I gcás na gcógas is mó úsáid in Éirinn, is gnách go mbíonn roinnt cineálacha agus brandaí difriúla ar fáil ó fhoinsí éagsúla. I gcás go dtiocfar ar fhadhbanna soláthair i gcás cógais aonair, meastar go mbeidh brandaí malartacha ar fáil chun leanúnachas na cóireála a chinntiú.

Tá Creat Ganntanas Cógas i bhfeidhm ag Éirinn faoi láthair chun cabhrú le ganntanais a chosc agus chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag ganntanais ar othair agus ar ghairmithe cúram sláinte, áit a gcomhordaíonn an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte an dóigh a mbainistítear ganntanais fhéideartha nó ganntanais iarbhír de réir mar a thagann siad chun cinn i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla.

Mar sin féin, tá an méid sin bunaithe go mór ar chógais a bheith á n-úsáid mar is gnách. Ní gá d’ospidéil ná do ghairmithe cúram sláinte méideanna breise cógas a ordú agus ní gá do dhochtúirí oidis bhreise a thabhairt ach oiread. Mar an gcéanna, iarrtar ar othair agus ar an bpobal i gcoitinne gan soláthairtí cógas atá níos mó ná a ngnáthriachtanais a lorg. Má dhéantar amhlaidh, cuirfear isteach ar na leibhéil reatha stoic agus cuirfear bac ar an soláthar cógas do dhaoine eile.