Síníonn an tAire Sláinte Simon Harris rialacháin chun cumhacht a thabhairt don Gharda Síochána srianta COVID-19 a chur i bhfeidhm
- Foilsithe: 10 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2020
Nóta: Bhí sé i gceist ag an tús go mairfeadh na bearta seo go dtí an 10 Aibreán 2020 ach leathnaíodh iad tar éis chinneadh an rialtais na bearta sláinte poiblí a leathnú go dtí an 5 Bealtaine 2020.
Shínigh an tAire Sláinte, Simon Harris, na Rialacháin faoin Acht Sláinte 1947 (Alt 31A-Srianta Sealadacha) (Covid-19) an 7 Aibreán 2020. Déantar na rialacháin seo faoi alt 31A den Acht Sláinte 1947 (a cuireadh isteach le halt 10 den Acht Sláinte (Caomhnú agus Cosaint agus Bearta Éigeandála eile ar mhaithe le Leas an Phobail) 2020) agus is é an aidhm atá leo scaipeadh COVOD-19 a chosc, a theorannú, a íoslaghdú nó a mhoilliú.
Tá na rialacháin mar bhonn agus taca leis na bearta a d’fhógair an Taoiseach an 27 Márta 2020 lena gceanglaítear ar dhaoine fanacht sa bhaile agus gan teacht le chéile go poiblí.
Dúirt an tAire Harris:
"Cé go bhfuil gá leis na rialacháin seo ar chúiseanna forfheidhmithe, admhaím agus gabhaim buíochas leis an bpobal atá ag obair linn maidir le comhairle sláinte poiblí a leanúint chun scaipeadh COVID-19 a theorannú agus saol daoine a shábháil."
Foráiltear leis na rialacháin nár cheart do dhaoine a dteach a fhágáil gan leithscéal réasúnach agus cuireann siad cosc ar dhaoine ó thionól nó freastal ar aon ócáid ina mbaileodh daoine chun aon chríche seachas aon críoch a bhaineann leis na cúiseanna a bhfuil cead agat do theach a fhágáil.
Cuimsíonn leithscéal réasúnach seirbhís riachtanach a sholáthar nó cúnamh a thabhairt an tseirbhís sin a sholáthar, dul chuig asraon miondíola riachtanach agus rochtain a fháil ar sheirbhís riachtanach. Tá faisnéis faoi asraonta miondíola riachtanacha i Sceideal 1 agus tá faisnéis faoi sheirbhísí riachtanacha i Sceideal 2.
Dúirt an tAire Harris:
“Tiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an 8 Aibreán agus fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí Dé Máirt, an 5 Bealtaine 2020. [Bhí sé beartaithe go rithfeadh siad go dtí an 12 Aibreán ar dtús ach leathnaíodh iad i bhfianaise [nasc-seachtrach https://www.gov.ie/en/news/7e0924-latest-updates-on-covid-19-coronavirus/#april-10 | leathnaithe na mbeart sláinte poiblí go dtí an 5 Bealtaine. ]
Déanfar iad a athbhreithniú de réir mholtaí an Phríomhoifigigh Leighis agus na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí."
CRÍOCH