Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil bunaithe ag an Aire Donnelly
- Foilsithe: 6 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil bunaithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD.
Tacóidh an grúpa seo le agus cuirfidh sé comhairle ar ranna Rialtais, atá freagrach as scéimeanna píolótacha a fhorbairt agus mearthástálacha a rolladh amach ina n-earnálacha féin. Chomh maith leis sin, beidh an grúpa freagrach as cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne.
Tá Mary Horgan, Ollamh le Galair Thógálacha agus Comhairleach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), ceaptha mar chathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
“Táim fíorbhuíoch den Ollamh Horgan agus de na saineolaithe eile atá páirteach sa ghrúpa seo as tacú leis an tionscnamh seo ag tréimhse ríthábhachtach don tír ar fad. Tá sé de chúram ar an Sainghrúpa Comhairleach (SGC) maidir le Mearthástáil tacú le agus comhairle a chur ar ranna Rialtais a bhfuil sé mar aidhm acu mearthástálacha a sholáthar ar bhonn píolótach agus/nó a úsáid. Creidim go láidir go bhféadfadh ról níos suntasaí a bheith ag mearthástálacha inár n-iarrachtaí dul i ngleic le Covid.”
D’fhaomh an Chomh-Aireacht sonraí maidir le téarmaí tagartha agus ballraíocht an Ghrúpa níos túisce inniu.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Horgan:
"De bhrí go mbeidh COVID-19 inár measc as seo go ceann tamaill, ní mór dúinn gach uirlis atá ar fáil dúinn a úsáid lena chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an saol go sábháilte. Soláthraíonn ár mbearta sláinte poiblí cosaint i gcoinne víris atá fós ag baint siar asainn. Ba cheart smaoineamh ar úsáid a bhaint as mearthástáil mar bhealach eile chun cabhrú linn sa bhreis ar na bearta eile atá dár gcosaint cosúil le vacsaíní, tástáil PCR, aghaidhmhaisc, rianú teagmhálaithe agus scaradh sóisialta.”
Seo a leanas na Téarmaí Tagartha:
- Tacú le ranna Rialtais ar mian leo mearthástálacha a úsáid ina n-earnálacha féin
- Tacú le ranna Rialtais le tionscadail phíolótacha dá bpáirtithe leasmhara a dhearadh agus a mheas
- Treoir a chur ar fáil do ranna Rialtais maidir le húsáid a bhaint as mearthástálacha
- Tacú le ranna rialtais ábhar oiliúna a fhorbairt agus a nuashonrú do réimsí/d'earnálacha ina bhfuil mearthástáil á moladh
- Tacú le ranna rialtais le gnáthnósanna imeachta oibríochtúla a fhorbairt maidir le húsáid mearthástálacha i suíomhanna ina bhfuil mearthástáil á moladh
- Liosta de thástálacha atá bailíochtaithe faoi láthair a choimeád mar threoir
- Monatóireacht a dhéanamh ar mhearthástálacha atá á forbairt agus ar na tástálacha atá á gcur ar fáil ar an margadh de réir a chéile
- Na láidreachtaí agus na srianta a bhaineann le mearthástálacha a chur in iúl don phobal i gcoitinne
- Tacú le hardán a fhorbairt ionas gur féidir torthaí a uaslódáil
Ballraíocht:
- CATHAOIRLEACH: Mary Horgan, Ollamh le Galair Thógálacha agus comhairleach in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh
- Jeff Connell, Stiúrthóir Cúnta, Príomheolaí Cliniciúil sa tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL)
- Rachel Kenna, Rúnaí Cúnta agus Príomhoifigeach Altranais, An Roinn Sláinte
- Pete Lunn, bunaitheoir agus ceannasaí Aonad Taighde Iompraíochta ESRI
- Paddy Mallon, Ollamh le Galair Mhiocróbacha i Scoil Leighis UCD agus Comhairleach i nGalair Thógálacha in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann
- Kingston Mills, Ollamh le hImdhíoneolaíocht Thurgnamhach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Niamh O’Beirne, Ceannasaí Náisiúnta Tástála agus Rianaithe FSS
- An tOllamh Pat O’Mahony, Cathaoirleach an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus Cathaoirleach Bhord Eagraíocht Fíoraithe Leigheasra na hÉireann (IMVO)
- An Dr Anna-Rose Prior, Micribhitheolaí Comhairleach Cliniciúil in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta
- An Dr Breda Smyth, Stiúrthóir Sláinte Poiblí san Iarthar