English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Aip Lorgaire COVID d’Éirinn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tháinig an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte, Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, FSS agus an Dr. Sarah Doyle, Speisialtóir i Míochaine Sláinte Poiblí, FSS HPSE le chéile chun Aip Rianaithe COVID d'Éirinn a sheoladh inniu. Feabhsóidh an aip na bearta rianaithe teagmhála atá ann cheana, trí chur ar chumas úsáideoirí dlúth-theagmhálacha a aithint agus foláireamh a thabhairt dóibh siúd atá ag úsáid an aip go bhfuil gá le tástáil COVID-19 chomh tapa agus is féidir.

Ag trácht dó ar ról an aip, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:

“Le chéile rinneamar iarracht mhór le cúpla mí anuas chun scaipeadh COVID-19 a theorannú. De réir mar a laghdaímid srianta, tá go leor gnéithe tábhachtacha de shaol na hÉireann ag teacht arais agus táimid in ann rochtain a fháil ar níos mó seirbhísí agus bualadh le níos mó daoine. Cuirfidh an Aip Rianaithe COVID ar ár gcumas tuairisciú agus rianú a bhrostú ó thús siomptóim COVID-19, rud a fhágann go bhfuil ról an aip i dtástáil agus rianú teagmhálaithe ríthábhachtach maidir le móiminteam leanúnach athoscailt shochaí agus ghnó na hÉireann."

Bhí FSS agus an Roinn Sláinte i gceannas ar phróiseas forbartha an aip, i gcomhar le hOifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO) agus leis an nGarda Síochána, mar aon le comhpháirtithe teicniúla ó earnáil phríobháideach na hÉireann agus comhpháirtithe eolaíochta ón bhFondúireacht Eolaíochta Éireann. Léiríonn taighde a rinne Fondúireacht Eolaíochta Éireann go bhfuil tromlach na ndaoine in Éirinn i bhfabhar aip le 82% de na freagróirí sásta é a shuiteáil.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach an Dr. Ronan Glynn:

“Inniu táimid ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann an Aip Rianaithe COVID a íoslódáil. Go dtí go mbeidh vacsaín againn, nó cóir leighis éifeachtach, tá tástáil agus rianú teagmhálaithe ríthábhachtach dár n-iarrachtaí comhchoiteanna leanúnacha chun scaipeadh COVID-19 a íoslaghdú. Tá an aip ina chuid lárnach de rianú teagmhálaithe, ag obair i gcomhpháirt leis na príomhbhearta sláinte poiblí maidir le scaradh sóisialta, níochán lámh, ár gcasacht a chlúdach, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh, ag cabhrú linn fanacht sábháilte agus a chéile a chosaint."

Dúirt Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, FSS:

“Feabhsóidh an aip na hoibríochtaí rianaithe teagmhálaithe atá ann cheana féin. Dóibh siúd a úsáideann an aip, d’fhéadfadh go gciallódh sé laghdú ar an am a thógann sé dlúth-theagmhálacha a rianú ó laethanta go huaireanta agus, níos tábhachtaí, is féidir leis cabhrú le dlúth-theagmhálacha nach bhfuil aithne ag a chéile orthu a aithint. Cuirfidh gach teagmháil bhreise is féidir leis an aip a rianú feabhas ar na hoibríochtaí rianaithe teagmhálaithe atá againn. Tríd an aip a íoslódáil, tá tú ag cabhrú linn teacht ar níos mó daoine i dtréimhse ama níos giorra agus an chomhairle cheart agus rochtain ar thástáil a sholáthar. Méadóidh sé seo ár gcumas an víreas a chur faoi chois."

Dúirt an Dr. Sarah Doyle, Speisialtóir i Míochaine Sláinte Poiblí, FSS HPSC:

“Tá oibríocht tástála agus rianaithe teagmhála FSS ríthábhachtach i gcónaí maidir le freagra na hÉireann ar COVID-19. De réir mar a athosclaíonn an tsochaí, is bealach simplí é an Aip Rianaithe COVID gur féidir linn go léir oibriú le chéile chun COVID-19 faoi chois. Tacóidh an aip lenár gcumas dlúthchaidrimh a rianú go tapa, rud atá riachtanach chun scaipeadh an víris seo a choinneáil faoi smacht."

Tá an Aip Rianaithe COVID ar fáil le híoslódáil anois ón App Store agus Google Play agus tá trí fheidhm shonrach aige:

  • Rianú teagmhála digiteach de dhlúth-theagmhálacha le cásanna deimhnithe de COVID-19.
  • Cuireann sé sin ar chumas úsáideoirí siomptóim a thaifeadadh má tá siad orthu.
  • Faisnéis laethúil a sholáthar faoi COVID-19 ó fhoinse iontaofa.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Forbraíodh an aip le príobháideacht trí dhearadh ag a chroílár, ag baint úsáide as samhail dhíláraithe. Ciallaíonn sé seo go ndéanfaidh sé taifead má bhíonn úsáideoir i ndlúth-theagmháil le húsáideoir eile trí chóid anaithnide a mhalartú. Má thaispeánann tástáil go bhfuil COVID-19 ar dhuine, is féidir leo a roghnú foláireamh anaithnid a thabhairt d’úsáideoirí eile an aip a raibh siad i ndlúth-theagmháil leo. Stóráiltear sonraí dlúth-teagmhála ar fhón na n-úsáideoirí agus ní ar fhreastalaí rialtais.

Roimh sheoladh an lae inniu, d’fhoilsigh FSS agus an Roinn Sláinte an Measúnú Tionchair Príobháideachta Sonraí agus cód foinseach don aip a léiríonn oscailteacht agus trédhearcacht theicneolaíocht an aip.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin aip agus chun féachaint ar shraith físeán míniúcháin simplí téigh chuig https://www.covidtracker.ie/